Written answers

Tuesday, 1 July 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

905. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht i gcomhthéacs cheisteanna 482 agus 483 a freagraíodh an 25 Feabhra 2025 cén dul chun cinn atá déanta leis an obair thaighde bunaithe ar fhoinsí éagsúla Stáit a bhí le foilsiú ag Údarás na Gaeltachta ag tabhairt léargas ar an nasc idir an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus obair Údarás na Gaeltachta agus a Roinn féin; cén dul chun cinn atá déanta leis an dá chlár nua tacaíochta trí bliana a bhí i gceist a fhorbairt agus a sholáthar in 2025 chun tacú leis an Údarás san obair atá ar siúl ag an eagraíocht le húsáid na Gaeilge a spreagadh i measc lucht gnó sa Ghaeltacht; cad iad na torthaí atá bainte amach leis an gClár Tacaíochta Gaeilge do Ghnólachtaí ó thaobh úsáid na Gaeilge sa ghnó agus san idirghníomhaíocht idir na fostaithe, a gcustaiméirí agus iad féin agus cén méadú atá tagtha ar fheiceálacht na Gaeilge i mbailte aitheanta chun íomhá láidir Ghaelach a chothú agus a chur chun cinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35946/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Maidir leis an dá chlár tacaíochta nua atá dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge i measc lucht gnó, atá á fhorbairt agus le soláthar as an nua ag an Údarás in 2025, seo a leanas uasdátú maidir leis na céimeanna atá glactha i dtaca leis na cláir sin:

Scéim Forbartha Gaeilge na gCliantchomhlachtaí

Díríonn an clár seo ar thacú le cliaint an Údaráis, ina bhfuil líon ard fostaíochta, chun úsáid na Gaeilge a chothú agus a spreagadh sa ghnó agus i measc na bhfostaithe. Thug an tÚdarás faoi próiseas earcaíochta ag tús na bliana chun acmhainn foirne a chur in áit le cúram a thabhairt d’fhorbairt agus soláthar an chláir seo. Ceapadh Comhordaitheoir Scéim Forbartha Gaeilge na gCliantchomhlachtaí agus chuaigh an té sin i mbun oibre i lár mí an Mhárta 2025. Tá obair leanúnach ar siúl ag aontú creat, critéir agus cur chuige don scéim agus an t-ábhar tacaíochta agus riaracháin a bhaineann leis. Tá suim léirithe ag roinnt cliaint a bheith páirteach cheana féin. Tá sé mar sprioc go mbeidh ar a laghad 10 gcomhlacht in Limistéir Pleanála Teanga éagsúla cláraithe don scéim faoin fhómhair agus cuirfear le líon na gcliant a bheas rannpháirteach ar an scéim de réir a chéile thar tréimhse feidhme 3 bliana na scéime.

An Clár Tacaíochta Gaeilge do Ghnólachtaí

Díríonn an clár seo ar an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta. Chun cur ar chumas an Údaráis an clár seo a fhorbairt agus a sheachadadh, thóg an eagraíocht faoi phróiseas earcaíochta trí huaire ó thús na bliana chun acmhainn foirne cuí a aimsiú le tabhairt faoin scéim a fhorbairt agus a bhainistiú. Táthar i lár an tríú iarracht den phróiseas earcaíochta sin faoi láthair. Chomh luath agus a bheidh duine ceaptha sa phost, beifear in ann tabhairt faoi na céimeanna ullmhúcháin chun creat an chláir a leagan amach agus a aontú agus na hacmhainní cuí a chur ina áit chun cur ar chumas na heagraíochta clár tacaíochta a sholáthar.

Maidir leis an dul chun cinn atá déanta leis an obair thaighde bunaithe ar fhoinsí éagsúla Stáit a bhí le foilsiú ag Údarás na Gaeltachta ag tabhairt léargas ar an nasc idir an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus obair Údarás na Gaeltachta agus mo Roinn féin, tuigim go bhfuil cíoradh déanta ar thorthaí daonáirimh na gceantar Gaeltachta mar bhunchloch do thacar sonraí na Gaeltachta. Tá obair fhorbartha déanta ar an gcóras seo, a úsáideann córas GIS le léaráidí léirscála chun firicí a chur i láthair. Tá ballchríoch á chur ar an gcóras a bheidh ar fáil don phobal agus tá súil an uirlis idirlín a roinnt leis an bpobal sa tréimhse amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.