Written answers

Wednesday, 25 June 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

249. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht bhfuil sé mar riachtanas ag naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta go mbeidh tús áite ag páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, ó tharla gurb é sin an dea-chleachtas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34586/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tacaíonn Údarás na Gaeltachta leis an earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht trí dheontas reáchtála a sholáthar do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) a chuireann ar a gcumas tacú le bunú, forbairt agus reáchtáil seirbhísí luathoideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá breis agus 135 seirbhís luathbhlianta á gcur ar fáil ag CNNG fud fad na Gaeltachta. Sa bhreis air sin, cuireann an tÚdarás tacaíocht ar fáil do Mhuintearas Teo atá ag reáchtáil dhá sheirbhís luathbhlianta; naíolann na nOileán agus naíolann Ghaoth Dobhair.

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta an bunchuspóir atá le polasaithe agus gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Tá an tÚdarás tiomanta i dtreo fhorbairt earnáil na luathbhlianta le fada agus tá aitheanta ag an eagraíocht an ról fíor-thábhachtach atá ag soláthar seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht i dtodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Faigheann CNNG maoiniú bliantúil ó Údarás na Gaeltachta leis na seirbhísí bainistíochta agus riaracháin a chur ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá CNNG ag gníomhú i ngach ceantar Gaeltachta agus oibríonn an eagraíocht i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta le cinntiú go bhfuil seirbhísí luathbhlianta trí Ghaeilge ar fáil fud fad na Gaeltachta lena n-áirítear seirbhísí naíonraí, iar-naíonraí, creiseanna, clubanna bricfeasta, seirbhísí iomlána cúraim lae agus iarscoileanna. Le linn na scoilbhliana 2024/2025 bhí 2,214 páiste ag freastal ar 135 seirbhís luathbhlianta faoi scáth Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. I measc na bpríomhspriocanna atá ag an eagraíocht tá:

• Réimse leathan de sheirbhisí ardchaighdeáin, sábháilte agus ionchuimsitheacha a chur ar fáil san earnáil luathbhlianta sna ceantair Ghaeltachta go léir.

• Úsáid na Gaeilge, na hoidhreachta agus an chultúir a chur chun cinn, a neartú agus a shaibhriú trí oideachas agus cúram luathbhlianta a chur ar fáil.

Tá polasaí iontrála ag CNNG atá bunaithe ar chomhionannas, cuimsiú agus éagsúlacht ag tabhairt aois an pháiste agus an dáta a chláraítear an páiste sa tseirbhís don chéad uair san áireamh. Tá gach seirbhís atá á sholáthar ag CNNG déanta go huile agus go hiomlán trí mhéan na Gaeilge.

Maidir leis na seirbhísí a thagann faoi scáth Mhuintearas, tá polasaí iontrála agus polasaí Gaeilge i bhfeidhm iontu. Glactar le páistí ar bhonn ‘an chéad duine a thagann isteach’, tar éis don bhfoirm chlárúcháin a bheith comhlíonta. Cuirtear páistí ar liosta feithimh sa chás nach bhfuil spás sa tseirbhís. Is Gaeilge amháin a labhraítear sna seribhísí, ach cuirtear fáilte roimh gach páiste, is cuma cén cúlra teanga, cultúir nó aicme as a dtagann siad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.