Written answers

Wednesday, 25 June 2025

Department of Children, Disability and Equality

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

166. To ask the Minister for Children, Disability and Equality an bhfuil sé mar riachtanas ag naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta go mbeidh tús áite ag páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, ó tharla gurb é sin an dea-chleachtas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34587/25]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is eintitis phríobháideacha iad seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim agus socraíonn siad a polasaithe iontrála féin agus níl aon ról ag an Roinn maidir leis.

Áfach, tá tuismitheoirí agus soláthraithe in ann dul i dteangmháil lena Coistí Contae nó Cathrach i gCúram Leanaí chun níos mó eolais agus tacaíocht a fháil. Cuireann na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí atá maoinithe ag mo Roinn, treoir ar fáil maidir le rochtain ar chúram leanaí, cabhair le háit a fháil (áit a bhfuil sé ar fáil), agus comhairle faoi tacaíochtaí atá ar fáil chun a chinntiú go dtéann páiste i le tuiscint sa luathfhoghlaim agus cúram. Tá sonraí teagmhála i gcomhair na CCCanna le fáil ar: www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/feachtais/city-and-county-childcare-committees/.

Tá mo Roinn in éineacht le ranna agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, ag obair chun plean náisiúnta chun forbairt ar sholáthar Gaeilge san éarnáil Luathfhoghlama agus Cúram (ELC) agus Cúram Leanaí d’Aois Scoile (SAC).

Tá forbairt an phlean seo mar gealltanas sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge.

Táthar ag súil go thacóidh an plean náisiúnta le dhá gealltanas i An Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh: “Tabhair isteach bearta chun deimhniú go mbíonn teacht ag leanaí i gceantair Gaeltachta ar sholáthar ELC i nGaeilge” agus “Forbair córais chun tacaí a chur ar fáil san ELC i nGaeilge nuair a bhíonn cionnranna arda de na leanaí ann atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge”.

Freisin, táthar ag súil go thacóidh an plean le soláthar ghealltanais i Clár an Rialtais chun: “Tacú le naíonraí agus le naíolanna chun rochtain na luathfhoghlama a chinntiú i bpobail Ghaeltachta agus níos faide ar shiúl” agus “Pleanáil ar forbairt ar áiseanna atá faoi treoir an Stáit i gcomhar leis an clár tógála scoileanna, naíonraí trí Ghaeilge san áireamh”.

Tugadh faoi thogra suirbhé ar shuímh Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois-Scoile, á reáchtáil suíomh trí mheán na Gaeilge, le feighlithe linbh san áireamh i rith 2022 – 2023 chun bunlíne a fháil ar an leibhéal reatha de soláthair trí mheán na Gaeilge san earnáil.

I 2024, tharla comhairliúchán poiblí agus clár taighde le léirbhreithniú ar an litríocht san áireamh. Le deanaí, cuireadh comhairliúchán le leanaí i gcrích.

Chomh maith leis an béim atá ar seirbhísí ELC agus SAC trí Ghaeilge, beifear ag súil go mbeadh beartanna sa phlean náisiúnta chun tacú le seirbhísí Bhéarla ELC ag obair le linn Aistear, an curaclam creatlach na luath-óige nuashonraithe, a foilsíodh i Nollaig 2024. Tá aidhm leagtha amach san Aistear nuashonraithe chun tacaíocht a thabhair do leanaí óga tuiscint agus buíochas a bheith acú don Ghaeilge agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus teangeolaíochta.

Tá sé beartaithe go foilseoidh an Plean agus tuairiscí comhairliúcháin a bhaineann leis níos deanaí i 2025.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.