Written answers
Thursday, 29 May 2025
Department of Foreign Affairs and Trade
Cruinnithe an Aire
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
239. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade cad iad na céimeanna atá glactha ag an Stát i gcruinnithe den Chomhairle Airí san Aontas Eorpach chun Beartas Comharsanachta na hEorpa, nó chun an Comhaontú Eora-Mheánmhara, a chur ar fionraí de dheasca an tslada atá á dhéanamh ag Stát Iosrael ar Phailistínigh i gceantar Ghasá. [26199/25]
Simon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tar éis chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha Dé Máirt seo caite, d’fhógair Ardionadaí an Aontais Eorpaigh go ndéanfaidh an tAontas Eorpach athbhreithniú ar Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Iosrael.
Is cinneadh tábhachtach é seo, a léiríonn an imní mhór atá ar na Ballstáit maidir le cás Gaza.
Seasann an tAontas Eorpach lena éilimh go scoilfidh Hamas na gialla go léir agus go gcuirfear tús leis an idirbheartaíocht arís gan mhoill.
Mar sin féin, tá comhaontú le feiceáil anois againn ó thromlach soiléir na mBallstát go bhfuil gá ann le tionchar níos éifeachtaí a imirt ar Iosrael chun dul ar gcúl, stop a chur lena oibríochtaí míleata agus deireadh a chur lena bhac ar chabhair dhaonnúil.
Is gá tionchar an Aontais Eorpaigh a úsáid chun athruithe dearfacha ar an talamh a chur i bhfeidhm.
Mar is eol don Theach seo, bhí an chéim seo iarrtha ag Éirinn agus ag an Spáinn cheana féin i mí Feabhra 2024. Ó shin i leith, tá an scéal tar éis dul in olcas go mór, le hiarmhairtí tubaisteacha don phobal sibhialta agus fíor-riosca gorta.
Táim go láidir den tuairim freisin, má mheasfar go bhfuil Iosrael ag sárú a oibleagáidí, nach mór go mbeadh iarmhairtí nithiúla ag an gcinneadh sin.
Is seasamh é seo a d’athdhearbhaigh mé go soiléir, in éineacht le mo chomhghleacaithe ón Spáinn, ón tSlóivéin agus ó Lucsamburg, i litir chomhpháirteach chuig an Ardionadaí roimh an gComhairle Gnóthaí Eachtracha.
Chuireamar i bhfios go láidir gur gá an t-athbhreithniú a dhéanamh go práinneach agus, bunaithe ar an obair sin, gur cheart don Ardionadaí, ag obair leis an gCoimisiún ina iomláine, tograí nithiúla le haghaidh bearta iomchuí a mholadh.
Mar a léirigh mé féin agus an Taoiseach araon sa Dáil an tseachtain seo caite, táimid den tuairim freisin gur cheart feidhmiú an Chomhaontaithe Comhlachais a chur ar fionraí go dtí go bhfaighfear toradh ar aon athbhreithniú ar chomhlíonadh Iosrael.
No comments