Written answers
Thursday, 29 May 2025
Department of Public Expenditure and Reform
Scéimeanna Rannacha
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
94. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an bhfuil sé i gceist aige déileáil leis an iarratas ó Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin chun paiste talún buailte leis an suíomh a cheannach, nó a thógáil ar léas, ar mhaithe le hionad súgartha a thógáil chun cur le seirbhísí atá ar fáil ag an ionad de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. [25523/25]
Kevin Moran (Longford-Westmeath, Independent)
Link to this: Individually | In context
Tá an OPW ina phríomhpáirtí leasmhara i gcaomhnú An Bhlascaoid Mhóir ó 1988 i leith. Bunaíodh Ionad an Bhlascaoid le cabhair ó Fondúireacht an Bhlascaoid, grúpa deonach áitiúil in 1992/3. Osclaíodh go hoifigiúil é in Aibreán 1994. Cheannaigh an Stát an chuid is mó de na gabháltais ar an oileán in 2009 agus rinne an OPW athchóiriú ar roinnt de na tithe ar an oileán.
Sa bhliain 2020, deineadh €1.2 milliún a infheistiú in ardán féachana I gcomhpháirtíocht le Fáilte Ireland, chun pointe féachana a thógaint ar bharr na haille ag féachaint amach ar an Oileán. Ath-osclaíodh Ionad an Bhlascaoid in 2022 tar éis €2.9 milliún a infheistiú i gcomhpháirtíocht straitéiseach idir Fáilte Ireland, OPW agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Chuaigh Comharchumann Dhún Chaoin, grúpa pobail áitiúil, i dteagmháil leis an OPW agus togra acu chun páirc súgartha pobail a bhunú sa láthair timpeall ar Ionad an Bhlascaoid. Tá áthas ar an OPW tacú leis an tionscnamh seo agus tá áthas orthu a chloisteáil go bhfuil maoiniú curtha ar fáil chun an pháirc súgartha a thógaint. Tá mo chuid oifigeach ag obair go dian chun conradh léasa a chur i gcrích ar phíosa talún atá comhaontaithe. Beidh an léas idir Comhairle Contae Chiarraí agus an OPW ar mhaithe leis an pháirc súgartha pobail seo. Beidh Comharchumann Dhún Chaoin freagrach as an bpáirc súgartha seo. Leanfaidh an OPW ag tacú leis an bpobal chun an chuspóir seo a thabhairt chun críche.
Tá caomhnú agus cosaint an Bhlascaoid Mhóir agus oibriú Ionad an Bhlascaoid an-tábhachtach don OPW i gcónaí. Tá séasúr 2025 oscailte anois do thurasóirí ar an oileán. Tá an OPW dírithe ar chosaint agus ar chaomhnú an oileáin agus áiseanna á gcur ar fáil ar an oileán agus ar an mórthír araon ionas gur féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as an mBlascaod agus meas dá réir a thaispeáint ar an áit.
No comments