Written answers

Thursday, 22 May 2025

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

366. To ask the Minister for Health an bhfuil sé i gceist aici aird a dhíriú ar stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil, de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, agus í ag déanamh uasdátú ar rialacháin a bhaineann le faisnéis bia a thabhairt do thomhaltóirí, de réir rialacháin an Aontais Eorpaigh; an bhfuil sí chun glacadh le lipéid aonteangacha Bhéarla gan Ghaeilge, mar atá fógartha aici, faoin dlí a thugann cead di eisceacht faoi rialacháin a thionól faoin Airteagal sin; agus an bpléifidh an Grúpa Oibre Tras-Rialtais impleachtaí an Airteagail sin i leith na rialachán atá le teacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26496/25]

Photo of Jennifer Carroll MacNeillJennifer Carroll MacNeill (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá rialáil ar lipéadú bia san AE faoi rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le soláthar eolais a bhaineann le bia do thomhaltóirí (FIC). In Éirinn, déantar foráil do lipéadú dátheangach faoi S.I. Uimh. 556/2014- Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Soláthar Faisnéise Bia do Thomhaltóirí) 2014. Tugann an reachtaíocht seo solúbthacht do na hoibritheoirí gnó bia (FBOanna) le cinntiú go gcuirtear an fhaisnéis bhia éigeantach ar an mbia atá ar an margadh (a) i mBéarla, nó (b) i nGaeilge agus i mBéarla. Mar Aire Sláinte, glacaim leis an tsolúbthacht seo, toisc gur cuireadh ar fáil í chun a chinntiú nach raibh an reachtaíocht mar bhac ar thrádáil laistigh den AE. Comhlíonann an tsolúbthacht, a sholáthraítear faoi SI Uimh. 556/2014 maidir le lipéadú bia, na riachtanais d’Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann.

I mí na Bealtaine 2020, mhol an Coimisiún Eorpach leasuithe don Rialachán FIC faoin Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus “Plean Sáraithe Ailse na hEorpa.” Níl sé tugtha le fios ag an gCoimisiún go fóill maidir le cathain a dhéanfar dul chun cinn ar lipéadú mar chuid de leasuithe FIC, ná níl sé tar éis dáta a chinntiú maidir le cathain a fhoilseofar an mheasúnacht tionchair, mar a bhí molta aige.

Tá freagracht reachtaíochta ar mo Roinn maidir le Rialachán an FIC agus tá sé de chúram uirthi seasamh na hÉireann a fhorbairt maidir leis na hathruithe a mholtar ar an Rialachán trí ghrúpa idir-rannach (IDG), ar a ndéanann sé cathaoirleacht. Is é cuspóir an IDG plé a dhéanamh, chomh maith le seasamh na hÉireann a fhorbairt agus a chomhaontú maidir le leasuithe an Choimisiúin ar na Rialacháin FIC. Ós rud é nach bhfuil an Coimisiún tar éis a mholtaí a chur chun cinn, níor bhuail an grúpa le chéile le déanaí. Níl athruithe ar lipéadú dátheangach san áireamh leis an athbhreithniú molta ag an gCoimisiún ar Rialachán FIC, agus dá bhrí sin, níl sé san áireamh le hobair an IDG.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.