Written answers

Thursday, 22 May 2025

Department of Rural and Community Development

Calafoirt agus Céanna

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

118. To ask the Minister for Rural and Community Development cad é stadás na hoibre atá beartaithe don dá ché ar Inis Meáin, an Córa agus Caladh Mór; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26328/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Meáin san áireamh.

Tuigim gur thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do Roghanna Feabhsúcháin Infreastruchtúir Mhara ar Inis Meáin.

Bhuail oifigigh mo Roinne le hionadaithe ó na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha agus ó Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí, tráth ar tugadh uasdátú ar an dul chun cinn go dtí seo.

Thuairiscigh na hinnealtóirí comhairleacha go raibh leibhéal an-ard rannpháirtíochta ó phobal an oileáin ag an ócáid chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh le déanaí ar Inis Meáin. Thug na hinnealtóirí comhairleacha le fios go bhfuil siad ag forbairt múnlaí agus roghanna éagsúla anois chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo. Beidh gá le gach ceann de na múnlaí agus na roghanna seo a thástáil agus a mheasúnú chun teacht ar an réiteach is fearr chun an t-infreastruchtúr mara ar Inis Meáin a fheabhsú, lena n-áirítear céanna a úsáideann seirbhísí farantóireachta paisinéirí agus lastais.

Tuigim go bhfuil na hinnealtóirí comhairleacha le bheith críochnaithe lena gcuid oibre níos déanaí i mbliana. Leanfaidh mo Roinn de bheith i dteagmháil le Comhairle Contae na Gaillimhe lena chinntiú go leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh chomh gasta agus is féidir.

I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an fhorbairt is tairbhí don oileán ina iomláine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.