Written answers

Thursday, 22 May 2025

Department of Rural and Community Development

Cuanta agus Céanna

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

83. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil an t-athbhreithniú ar an gcás gnó don obair atá beartaithe ar an gcé ar Inis Oírr críochnaithe; cad é an spriocdháta ó thaobh thús agus chríochnú an togra sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26329/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Oírr san áireamh.

Maidir le forbairt ché Inis Oírr, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an ghníomhaireacht urraíochta agus údarás conarthach agus dá bhrí sin tá sí freagrach as an gcás gnó agus as gach gné den phróiseas soláthair.

Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe an Cás Gnó Deiridh do Ché Inis Oírr faoi bhráid mo Roinne ag deireadh mhí an Mhárta, ag lorg cead chun dul ar aghaidh leis an tionscadal. Is ionann sin agus cinneadh Céim 3 mar atá leagtha amach i dTreoirlínte Bonneagair an Rialtais.

Tuigfidh an Teachta gur togra suntasach é seo, ní hamháin d'Inis Oírr ach do mo Roinn freisin mar Údarás Ceadaithe. Dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith sásta go gcomhlíonann an Cás Gnó Deiridh an caighdeán riachtanach agus go léiríonn an tionscadal atá beartaithe luach ar airgead agus go gcomhlíonann sé ár gcuspóirí.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar an gCás Gnó Deiridh. Tá sé á sheiceáil i dtéarmaí na n-eilimintí riachtanacha - ní hamháin costas foriomlán agus inacmhainneacht an togra, ach na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis. Ar an ábhar sin, tá mo Roinn ag tabhairt faoi mheasúnú iomlán dícheall cuí den tionscadal.

Tuigim gur bhuail oifigigh mo Roinne le Comhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo caite chun soiléiriú a lorg ar chuid de na sonraí laistigh den chás gnó, go háirithe maidir leis na costais a cuireadh ar fáil agus chun a chinntiú go bhfuil na heilimintí riachtanacha go léir faoi réir acu.

Meastar go dtógfaidh an chéim tógála don tionscadal seo thart ar dhá bhliain le críochnú, a chuimsíonn dhá shamhradh ar an oileán. Ar ndóigh, tá sé sin faoi réir ceadú an cháis ghnó agus conarthaí a chur i gcrích go rathúil leis an tairgeoir is fearr.

Tá mo Roinn ag obair chun an t-athbhreithniú ar an gcás gnó a chríochnú le gach cúram agus aire chuí agus cuirfidh m'oifigigh moladh faoi mo bhráid chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.