Written answers

Thursday, 22 May 2025

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

61. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na céimeanna a bhfuil sé chun iad a ghlacadh chun níos mó cursaí trí Ghaeilge, seachas an Ghaeilge féin, a chur ar fáil do mhic léinn in institiúidí breisoideachais agus ardoideachais. [26193/25]

Photo of James LawlessJames Lawless (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá ról rí-thábhachtach ag ár gcóras oideachais maidir le tacú le húsáid na Gaeilge agus í a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí an deis do mhic léinn ar mian leo staidéar a dhéanamh trí Gaeilge san ardoideachas agus sa bhreisoideachas sin a dhéanamh. Chuige seo, tá oifigigh ó mo Roinnse ar an gCoiste Stiúrtha don pholasaí nua maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Le hAcht an Údaráis um Ardoideachas, 2022, cuirtear d'fhreagracht ar an Údarás um Ard-Oideachas a chinntiú go gcuireann institiúidí ardoideachais ainmnithe an teanga chun cinn agus go n-úsáideann siad í. Mar sin féin, le reachtaíocht eile ráthaítear neamhspleáchas agus saoirse acadúil institiúidí ardoideachais. Dá bhrí sin, ní bhíonn aon ról agamsa ná ag mo Roinn maidir le cinntí a dhéanann Institiúidí Ardoideachais i ndáil le cúrsaí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

Mar chuid d’athbhreithniú ar chóras an Údaráis um Ardoideachas maidir le taifead mac léinn i gcomhairle leis na hinstitiúidí ardoideachais, tá an tÚdarás um Ardoideachas ag féachaint an bhféadfaí réimse a chur san áireamh chun sonraí níos cuimsithí a bhailiú maidir le cúrsaí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ag deireadh 2024 agus leanfar leis ar feadh roinnt blianta.

Cé go bhfuil cúrsaí trí mheán na Gaeilge ar fáil i roinnt dár n-Institiúidí Ardoideachais, is é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe príomhionad an ardoideachais trí mheán na Gaeilge. Le roinnt blianta anuas, tá maoiniú bliantúil €1.766m curtha ar fáil ag mo Roinn, tríd an Údarás um Ardoideachas, d’fhorbairt an Acadaimh. Tá an Acadamh comhchistithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. D’aontaigh an Roinn sin leithdháileadh €3m a chur ar fáil don Acadamh do na blianta acadúla 2021/22 – 2023/24, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe deontais. Chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge iarratas isteach chun síneadh a chur leis an socrú cistithe atá ann faoi láthair idir an Roinn agus iad féin a shíneadh chun an bhliain acadúil 2024/25 a chumhdach. Bhí an comhaontú trí bliana le teacht chun críche i ndiaidh na bliana acadúla 2023/24. D’aontaigh an Roinn an deontas suas le €1m a shíneadh don bhliain acadúil 2024/25 chun clár oibre comhaontaithe a chur i gcrích.

Tá an tÚdarás um Ardoideachas fós i mbun plé le hOllscoil na Gaillimhe maidir le spriocanna náisiúnta na Gaeilge a bhaint amach, lena n-áirítear togra le haghaidh taighde ar na cúrsaí a mhúintear trí mheán na Gaeilge faoi láthair ar fud earnáil na hollscoile agus an t-éileamh féideartha ar sholáthar méadaithe amach anseo.

Maidir le hinstitiúidí breisoideachais agus oiliúna, tá an bonn reachtúil do na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) leagtha amach san Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 agus ní leagtar síos sa reachtaíocht sin riachtanas follasach maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge. Mar sin féin, i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá scéimeanna teanga i bhfeidhm ag roinnt BOOanna lena dtugtar gealltanais bhreise maidir leis an leibhéal seirbhíse a chuirfear ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is féidir cóip de na scéimeanna seo a fháil ar leathanach gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga www.coimisineir.ie/?lang=GA

Ba cheart a chur i dtábhacht gur faoi gach comhlacht poiblí aonair atá comhlíonadh Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021, lena n-áirítear sa chás seo, IAOanna agus BOOanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.