Written answers
Wednesday, 21 May 2025
Department of Education and Skills
Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
51. To ask the Minister for Education and Skills cad é an próiseas lenar féidir le Bunscoileanna páirt a ghlacadh i Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta, agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26163/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bunaíodh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in 2017 chun deis a thabhairt do scoileanna i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta aitheantas a lorg mar Scoileanna Gaeltachta. Ní mór do scoileanna sainchritéir theangabhunaithe a chomhlíonadh chun an t-aitheantas sin a ghnóthú. Cuirtear tacaíochtaí spriocdhírithe breise ar fáil do scoileanna chun tacú leo an scéim a chur i bhfeidhm.
Tá 102 bhunscoil atá lonnaithe laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta páirteach sa scéim sa scoilbhliain 2024/2025.
Maidir leis na bunscoileanna atá lonnaithe laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, agus nach bhfuil ag glacadh páirte sa scéim faoi láthair, spreagtar iad siúd chun iarratas a aighniú le bheith páirteach sa scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ag am ar bith, más mian leo. Tá eolas faoin bpróiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh, agus na tacaíochtaí atá ar fáil d'údaráis scoile, le fáil in Imlitir 0022/2024 na Roinne Oideachais agus Óige.
Ní mór do scoileanna atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa scéim Foirm Léiriú Spéise a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an Aonad um Oideachas Gaeltachta tar éis comhairliúchán a dhéanamh le patrún na scoile, le foireann na scoile, le coiste na dtuismitheoirí agus leis an gcoiste pleanála teanga áitiúil.
Iarrtar ar an scoil ansin plean gníomhaíochta feabhsúcháin scoile a ullmhú atá nasctha leis na critéir theangabhunaithe chun an tumoideachas a threisiú, agus a chuireann comhthéacs na scoile san áireamh.
Nuair atá na pleananna gníomhaíochta faofa, bíonn fáil ag scoileanna ar na hacmhainní breise atá ar fáil ón roinn do scoileanna atá rannpháirteach sa scéim chun tacú le cur i bhfeidhm an tumoideachais.
No comments