Written answers

Tuesday, 20 May 2025

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

423. To ask the Minister for Education and Skills an féidir léi a dheimhniú, sa chás go mbeidh tionscadail le déanamh amach anseo mar chuid den mheasúnú ar an tsraith shinsearach, go gcuirfear an bónas 10% ar fáil do dhaltaí a dhéanann a dtionscadail trí mheán na Gaeilge, mar a chuirtear ar fáil do dhaltaí a dhéanann scrúduithe trí Ghaeilge faoi láthair. Is fiú don Aire a chur i gcuntas go mbeidh i bhfad níos mó dúshlán teanga i gceist leis na tionscadail toisc easpa ábhar ar fáil i nGaeilge agus i dteangacha eile agus go bhfuil an baol ann go roghnóidh scoláirí na tionscadail a dhéanamh trí Bhéarla mura gcuirtear an bónas ar fáil. [25263/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I gClár an Rialtais 2025, Todhchaí na hÉireann a Áirithiú, cuirtear de cheangal ar an rialtas an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn. Leanfaidh an Rialtas le bearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun úsáid na teanga a spreagadh.

Mar is eol don Teachta maidir le hiarrthóirí atá ag déanamh scrúduithe Ardteistiméireachta faoi láthair, leagtar amach i riail 29, Alt VI, Teastais agus Scrúduithe, de na Rialacha agus Clár do Mheánscoileanna go bhfuil sé de rogha ag na hiarrthóirí freagra a thabhairt i nGaeilge nó i mBéarla, ach amháin i gcás Gaeilge agus Béarla mar ábhair agus i gcás ceisteanna in ábhair theanga eile ina sonraítear an sprioctheanga atá le húsáid. Soláthraítear leagan Gaeilge nó leagan Béarla de na páipéir scrúdaithe do na hiarrthóirí, faoi mar atá léirithe ar a bhfoirmeacha iontrála.

I dteannta na marcanna a ghnóthaítear san ábhar féin, féadfar na marcanna bónais cuí a thabhairt d’iarrthóir a fhreagraíonn i nGaeilge sa scrúdú scríofa. Faoi láthair, níl feidhm ag marcanna bónais den sórt sin ach amháin maidir leis na comhpháirteanna scrúdaithe scríofa.

De réir mar a thugtar Comhpháirteanna Measúnaithe Breise isteach i ngach sonraíocht ábhair nua agus athbhreithnithe faoi Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí, agus mar gheall ar a thábhachtaí atá an Ghaeilge, leathnófar na Marcanna Bónais a bhronntar as ábhar a chomhlánú trí mheán na Gaeilge chuig na comhpháirteanna breise sin a meastar go bhfuil éileamh suntasach scríbhneoireachta ag baint leo agus a bhfuiltear in ann iad a chomhlánú i nGaeilge.

Cuirfear na socruithe athbhreithnithe sin i bhfeidhm i leith Comhpháirteanna Measúnaithe Breise a bhaineann le hábhair ábhartha nua nó athbhreithnithe, agus iad á gcur i bhfeidhm ar dtús i leith comhpháirteanna breise a thabharfar isteach i scoileanna ó thús na scoilbhliana 2025/26 (le haghaidh Ardteistiméireacht na bliana 2027).

Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025, soláthrófar faisnéis ábhartha agus breac-chuntas ar na paraiméadair a chuirfear i bhfeidhm ina leith sin. Áireofar leis na paraiméadair sin mionsonraí faoi na hábhair a gcuirfear Marcanna Bónais Gaeilge den sórt sin i bhfeidhm ina leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.