Written answers

Tuesday, 13 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

630. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé achoimre ar an dul chun cinn atá déanta maidir le líon na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá ag feidhmiú go gníomhach faoi phleanáil teanga. [23387/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta sainaitheanta sa Ghaeltacht, sin iad:

  • An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall;
  • Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo;
  • Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí.
Tá pleananna teanga á bhfeidhmiú i BSG An Clochán Liath agus BSG Daingean Uí Chúis.

An Chlochán Liath:

Ta plean teanga do BSG an Chlocháin Liath a chur i bhfeidhm ó 2022 i leith. Le hinfheistíocht de €300,000 go dtí seo agus an comhoibriú leanúnach atá ar fáil ó lucht gnó agus pobal an bhaile, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an an cheanneagraíocht pleanála teanga (Forbairt na Rosann CTR) agus an Oifigeach Pleanála Teanga i spreagadh daoine chun an Ghaeilge a úsáid agus a chothú. Tá gnólachtaí áitiúla ag glacadh páirt ghníomhach, ag úsáid na Gaeilge ina gcuid cumarsáide agus seirbhísí, rud a chuireann le feiceálacht agus le húsáid na teanga agus glactar páirt i réimse leathan d’imeachtaí, ó fhéilte cultúrtha go himeachtaí pobail.

Béal an Mhuirthead:

Ar an 9 Meitheamh 2023, d’fhógair an tAire Stáit Patrick O Donovan, ar son na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go mbeadh plean teanga le réiteach agus le cur i bhfeidhm don Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, Bhéal an Mhuirthead, mar chuid den phróiseas pleanála teanga. Tá grúpa áitiúil, Pobal Feasta, tar éis comhairleoir pleanála teanga a fhostú le tacú leo plean teanga a ullmhú don BSG agus táthar ag súil go mbeidh an plean teanga ullamh chun faomhadh in Aire in 2026.

Daingean Uí Chúis:

Tá plean teanga do BSG Daingean Uí Chúis a chur i bhfeidhm ó 2022 i leith. Tá maoiniú de €424,000 íoctha go dtí seo leis an gceanneagraíocht pleanála teanga, Dúchas an Daingean chun plean teanga don bhaile a fheidhmiú. Tá an-dul chun cinn déanta go dtí seo agus an comhoibriú leanúnach á fháil ag an Oifigeach Pleanála Teanga ó lucht gnó agus ó phobal an bhaile. Tá an Ghaeilge níos feiceálaí ar an mbaile dá bharr agus spreagtar an pobal chun an Ghaeilge a úsáid agus a chothú ar go leor bealaí éagsúla.

Maidir leis an 13 Baile Seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht atá faoi chúram Fhoras na Gaeilge, tá 7 gcinn i mbun fhorfheidhmiú pleananna teanga:
  • Leitir Ceanainn;
  • Caisleán an Bharraigh;
  • Cathair na Gaillimhe;
  • An Clochán;
  • Trá Lí;
  • Cathair Saidhbhín;
  • Dún Garbhán.
Tá plean teanga amháin ullmhaithe agus curtha faoi bhráid na Roinne le faomhadh, sé sin Baile an Róba.

Tá beannacht iarrtha ag an bhForas le tús a chur le próiseas ceapacháin ceanneagraíochta i mBaile Átha Buí agus an Uaimh.

Tá obair ardaithe feasachta ar siúl leis an bpobal i mbaile Dhún na nGall agus Maigh Cromtha.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga i gCathair Chorcaí, tá plé leanúnach ar bun i láthair na huaire ag súil is gur féidir an phleanáil teanga sa chathair a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.