Written answers

Tuesday, 13 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

629. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na hacmhainní nua atá curtha ar fáil chun cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a threisiú. [23386/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ag croílár iarrachtaí an Rialtais sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge ar cheann de na príomhfheithiclí chun na cuspóirí straitéiseacha sin a bhaint amach. Tá an obair faoin Acht criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo, agus a chumasú do lucht labhartha na teanga ar fud na tíre í a úsáid ina bplé leis an Stát.

Ní beart aonarach, i bhfolús é an Plean seo dar ndóigh. Tá sí mar chuid d’éiceachóras níos leithne atá á thógáil faoin reachtaíocht teanga. Feidhmeoidh an Plean Náisiúnta mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go céimiúil, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar sprioc earcaíochta 20% an Achta.

Táthar le tacú leis an bPlean Náisiúnta trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana - an chéad cheann ag clúdach na tréimhse 2025-2027. Leagfaidh na Pleananna seo amach na bearta sonracha a bheidh le tógail chun cuspóirí an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge - a d’ullmhaigh an Plean Náisiúnta - agus an Achta trí chéile a bhaint amach. Tá mo chuid oifigeach ag obair go dlúth leis an gCoiste Comhairleach agus páirtithe leasmhara eile chun bailchríoch a chur ar an chéad Phlean Gníomhaíochta seo gan mhoill. Tá beartaithe an Plean Gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú agus a fhoilsiú ansin sa cúpla mí amach romhainn.

Ó thaobh acmhainní de - ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla ag deireadh 2021, tá fomhír nua cruthaithe go heisiach chun tionscnaimh seirbhíse poiblí a mhaoiniú. Tá leithdháileadh de €1.5m ar fáil faoin bhfomhír sin in 2025 agus beifear ag súil le cur leis sin sna blianta amach romhainn – go háirithe i gcomhthéacs na mbeart sonrach a bheidh le heascairt ón chéad Phlean Gníomhaíochta. Tá roinnt tionscadail thacúla ar leith atá á maoiniú faoin bhfomhír seo cheana féin, eadhon,

  • – seó bóthair Chonradh na Gaeilge atá dírithe ar bhreis feasachta a chruthú i measc na n-óg ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge agus maoiniú 3 bliana (2025-2027) de €1.5m ceadaithe chuige sin le déanaí.
  • – atá á riar ag Oireachtas na Gaeilge agus a chuireann tacaíocht ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí, ó fhoghlaimeoirí Gaeilge suas go hard-inniúlacht, a gcuid scileanna teanga a chothú, a choinneáil agus a úsáid i gcomhthéacs na hoibre – le maoiniú 3 bliana (2024-2026) de hos cionn €1m ceadaithe chuige sin.
Ina theannta sin, ceapadh Príomhoifigeach sonrach agus cruthaíodh aonad gnó nua laistigh de mo Roinnse chun an fhomhír seo a bhainistiú, agus chun tacú le comhlachtaí poiblí an tAcht a chur i bhfeidhm trasna na hearnála poiblí.

Is fiú a nótáil áfach, mar atá le haon bheartas Rialtais, gur faoi gach comhlacht poiblí atá sé an maoiniú cuí a chur ar fáil d’aon bheart ábhartha atá/a bheidh luaite leo sna Pleananna thuasluaite - rud a bheidh le láimhseáil acu ar an ngnáth bhealach tríd an bpróiseas meastachán bliantúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.