Written answers
Thursday, 8 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
144. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtacaíonn sé le Treo Straitéiseach Fhoras na Gaeilge 2025-2030 foilsithe le déanaí; cén maoiniú breise atá beartaithe aige, má tá, chun cuspóirí an Treo Straitéiseach seo a bhaint amach? [22766/25]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
145. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aontaíonn sé leis an Fhoras na Gaeilge ina Treo Straitéiseach 2025-2030 foilsithe le déanaí áit a deir siad gur gá “dul i ngleic le fadhb na ndíolúintí”, go bhfuil “fás na Gaelscolaíochta ina stad le blianta” agus gur gá an Ollscolaíocht trí Ghaeilge “a fhás” ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge atá faoina chúram mar Aire, agus an bhfuil sé i gceist aige dul i gcomhairle leis na Rannaí Oideachais agus Breisoideachais agus Ardoideachais, Nuálaíochta, Eolaíochta agus Taighde chun na dúshláin seo a phlé. [22804/25]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
I propose to take Questions Nos. 144 and 145 together.
Is cáipéis ard-leibhéil í Treo Straitéiseach Fhoras na Gaeilge a mbeidh a gcuid pleananna Corparáideacha 3 bliana agus pleananna gnó bliana bunaithe uirthi. De réir mar a thiocfaidh na pleananna sin chun cinn, cuirfear faoi bhráid na Comhairle Aireahta Thuaidh-Theas (CATT) iad ós í CATT a cheadaíonn buiséid bhliantúla na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas, an Foras Teanga san áireamh.
Mar is eol don Teachta, tá Foras na Gaeilge cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus dá réir ní ceist don Rialtas seo amháin í maoiniú a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge.
Bhí an tAire Dara Calleary TD ina Chathaoirleach ar chruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a reáchtáladh an mhí seo caite, nuair a aontaíodh na Pleananna Gnó agus maoiniú 2025 d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise.
Tá oifigigh sna Roinn urraíochta agus caitheachais phoiblí, thuaidh agus theas, ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, chun dul i ngleic leis na dúshláin mhaoinithe agus eile atá ag an dá eagraíocht agus ag obair i dtreo réitigh fhadtéarmacha.
Tá agus beidh ról ag Foras na Gaeilge tacú leis an Rialtas ár gcuid spriocanna a bhaint amach maidir le earcaigh chuig an earnáil phoiblí leagtha amach go soiléir in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Beidh ról lárnach ag an gcóras oideachais chomh maith agus dá réir beidh tuilleadh plé le déanamh leis na Ranna Oideachais agus Ardoideachais chun dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla chun ár gcuid spriocanna a bhaint amach.
No comments