Written answers

Thursday, 8 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Ghaeltacht

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

139. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard atá a dhéanamh aige chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta. [14541/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ó thaobh cúrsaí tithíochta tá cuspóir uaillmhianach ag an Rialtas seo 300,000 teach a thógáil roimh dheireadh 2030. Rachaidh an cuspóir seo chun tairbhe gach cearn den tír, an Ghaeltacht san áireamh.

Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn Tithíochta agus oifigigh sa Rannán Gaeltachta maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta agus tá grúpa oibre bunaithe ag an dá Roinn maraon le Údarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla chun an cheist seo a scrúdú.

Mar chuid den obair seo, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair ag teacht le gealltanas a tugadh sa Chlár Rialtas.

Ina theannta sin, tá Údarás na Gaeltachta ag fiosrú bealaí faoi láthair chun tacú le soláthar tithíochta sna ceantair Ghaeltachta agus cuirtear in iúl dom go bhfuil an tÚdarás ag plé leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad maidir leis an gceist ríthábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.