Written answers
Thursday, 8 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Ghaeltacht
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
128. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na ccad iad na chéad chéimeanna eile a bheidh á nglacadh aige ag eascairt as na cruinnithe a bhí aige leis an eagraíocht Bánúéad chéimeanna eile a bheidh á dtógáil aige ag eascairt as an cruinnithe a bhí aige leis an eagraíocht Bánú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22794/25]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim ón gcomhfhreagas agus plé a bhí ag oifigigh mo Roinne roimhe seo le hionadaithe ón ngrúpa Bánú go bhfuil cheithre bunéileamh ag an ngrúpa. Is iad sin:
- go dtabharfaí cumhacht d'Údarás na Gaeltachta plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht;
- go dtabharfaí cead do mo Roinn féin tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge tithe a thógáil sa nGaeltacht;
- go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge teach a fháil ar cíos seachas tithe a bheith ligthe ar bhonn ghearrthréimhseach; agus,
- go ndéanfaí na dréacht threoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú gan mhoill.
Chun chur le héifeacht na bhforálach sin, cuireadh tús le próiseas dhá bhliain ó shin, idir mo Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a réiteach. Tuigtear dom go mbeidh dréacht réidh le foilsiú ag an Roinn Tithíochta a go luath.
Tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht agus beidh toradh na hoibre sin le feiceáil amach anseo. Ta obair atá ar bun ag an Roinn Tithíochta reachtaíochtaíocht a thabhairt isteach chun srianta a chur ar thithíocht a bheith ligthe ar cíos ar bhonn ghearrthéarmach in earnáil na turasóireachta.
No comments