Written answers

Thursday, 8 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

110. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Uimhir 45 an 6 Márta 2025 agus Ceist Uimhir 9 an 19 Meán Fómhair 2024, an dtabharfaidh sé soiléiriú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le tionscnaimh thithíochta atá faoi chaibidil ag Údarás na Gaeltachta i gcúig shuíomh i Rinn Ó gCuanach, Contae Phort Láirge, ar an gCeathrún Rua, Contae na Gaillimhe agus i gCarraig an tSeascainn, Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22792/25]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist thábhachtach í soláthar tithíochta dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair i gceantair Ghaeltachta. Chuige sin, tá Bord Údarás na Gaeltachta ag féachaint ar bhealaí inar féidir leis an Údarás tacú le soláthar tithíochta inacmhainne i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Go deimhin, tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil ceist na tithíochta ina mír bhuan ar chlár oibre bhord Údarás na Gaeltachta.Maidir leis na suíomhanna a bhfuil an Teachta ag tagairt dóibh, mar is eol don Teachta, tá na suíomhanna seo faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus tá siad aitheanta mar láithreacha forbartha féideartha. Mar chéad chéim, tá na suíomhanna atá i gceist suite gar do fhorbairtí tithíochta eile nó seirbhísí pobail. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist anois teagmháil a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara maidir le forbairt na suíomhanna seo, chomh maith le bheith ag obair le comhpháirtithe ábhartha, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla maidir le soláthar ginearálta agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.Tá an rannpháirtíocht leanúnach le comhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chomh maith le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí eile agus le ranna Rialtais, ríthábhachtach agus tuigim go mbeidh an tAire Calleary ag bualadh lena chomhghleacaí, an tAire James Browne, le cúrsaí infrastruchtúir, lena n-áirítear tithíocht agus pleanáil sa Ghaeltacht, a phlé sa tréimhse amach romhainn.Mar ábhar ar leith tá sé curtha in iúl dom freisin go mbeidh cruinniú ag an Aire Calleary le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn maidir le pleananna oibre na heagraíochta, lena n-áirítear conas gur féidir fostaíocht a mhéadú agus forbairt eacnamaíoch a chumasú trí sholáthar feabhsaithe tithíocha a bheith ar fáil i gceantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.