Written answers
Thursday, 8 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Ghaeltacht
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
104. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aithníonn sé go bhfuil fadhb cruthaithe de thoradh arbharr leathnú ar an lóistín Airbnb sa Ghaeltacht – ar fadhb é atá ag baint tithe ón margadh tithíochta do theaghlaigh agus do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht – i gcás na pleanála pleanáil teanga don Ghaeilge chun pobail Ghaeltachta a athchóiriú; cén beart atá i gceist aige chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo; agus an bhfuil a Roinn fós ag cur bac ar na treoirlínte geallta don phleanáil sa Ghaeltacht mar a bhí curtha ina leith ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta? [22767/25]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, is dúshlán náisiúnta í seo atá níos leithne ná an Ghaeltacht féin ar ndóigh agus tá an Rialtas an-ghníomhach sa réimse seo.
Ar an 15 Aibreán 2025, cheadaigh an Rialtas an scéim ghinearálta don Bhille um Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireacht. Soláthróidh an Bille seo an bonn reachtúil chun clár a thabhairt isteach do gach aras a ligtear amach go gearrthéarmach. Is faoi Fáilte Éireann a bheidh sé an clár a chur i bhfeidhm agus á bhainistiú ón 20 Bealtaine 2026. Córas clárúcháin náisiúnta a bheidh ann a chuimseoidh ceantair Ghaeltachta.Cuirfidh an clár nua seo eolas iomlán ar fáil de stoc na lóistín turasóireachta cláraithe ar fud an stáit. Beidh sé de dhualgas ar óstach a thairgeann lóistín ar feadh tréimhsí suas go dtí 21 oíche agus an dá n-áirítear clárú le Fáilte Éireann, a dheimhniú go gcomhlíonann siad na riachtanais phleanála agus uimhir chlárúcháin bhailí a bheith acu a chaithfear a thaispeáint nuair a fhógraíonn maoin ar ardáin ar líne.
Leagfaidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne T.D., amach an treoir phleanála do Ligeann Gearrthéarmacha i Ráiteas Pleanála Náisiúnta agus cuirfidh sé chun cinn aon athruithe is gá chun na ceanglais phleanála nua a chur i bhfeidhm.
Foilseoidh an tAire Browne an Ráiteas Pleanála Náisiúnta seo sula n-achtófar an Bille go deiridh chun soiléireacht a sholáthar d'earnáil na turasóireachta.
Ar ndóigh, tá tábhacht mhór ag baint leis an turasóireacht do gheilleagar na hÉireann, agus cuireann sí níos mó ná 200,000 post agus ioncam €6 billiún ar fáil dár ngeilleagar in 2024. Tá an Rialtas ar an eolas faoin imní go mbeadh droch-thionchar ar an ngeilleagar áitiúil mar gheall ar an gclár nua. Mar sin féin, is breithniú ríthábhachtach é freastal ar riachtanais tithíochta áitiúla ar fud na hÉireann agus tá an Rialtas seo tiomanta chun cabhrú le tithe a sholáthar do muintir na tíre agus muintir na Gaeltachta ina measc.
Mar a phlé mé ar ball, tá oifigigh ón Rannán Gaeltacht ag obair go dlúth leis an Roinn Tithíochta agus Údarás na Gaeltachta chun tacaíochtaí bhreise a chuir ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, talamh do thithíocht agus treoirlínte Gaeltachta ina measc.
No comments