Written answers

Tuesday, 29 April 2025

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1055. To ask the Minister for Education and Skills cathain atá sí chun buaileadh le heagraíocht ainmnithe (sonraí tugtha) mar a bhí geallta aici agus ag an iar-Aire roimpi chun ceisteanna agus comhrá a thosnú maidir le réiteach a fháil ar cheisteanna praicticiúla a bhaineann leis an chinneadh an Gaelcholáiste a thosnú i gceantar eile i Meán Fómhair 2026. [21049/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tacaíonn an Roinn Oideachais go hiomlán le bunú Gaelcholáiste i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas agus tá sí tiomanta go hiomlán dó sin. Tá an Roinn ag obair faoi láthair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís agus le bainistíocht na scoile chun a chinntiú go mbíonn plé leanúnach agus soiléir ann le foireann Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge maidir lena tiontú rathúil ina Gaelcholáiste comhoideachais ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh. Tabharfaidh sé seo am do dhul i ngleic le socruithe praiticiúla maidir leis an tiontú.

Is éard atá i gceist leis an bplé seo ná dul i gcomhairle le foireann agus bainistíocht na scoile agus machnamh a dhéanamh ar na céimeanna praiticiúla a theastaíonn ó phobal na scoile agus é ag obair i dtreo teagasc agus foghlaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Ní mór soláthar a dhéanamh freisin do na scoláirí sin atá ag foghlaim trí Bhéarla faoi láthair agus iad siúd atá ag ullmhú do scrúduithe Stáit. I measc na dtacaíochtaí do na socruithe tiontaithe tá tacaíochtaí bainistíochta, uasoiliúint, athlonnú agus earcú foirne nuair is gá de réir mar a théann an tionscadal chun cinn.

Is cuid den phróiseas seo comhairliúchán agus chuirfí aon chruinniú leis an ngrúpa dá dtagraítear i do cheist san áireamh sa chomhthéacs seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.