Written answers
Tuesday, 29 April 2025
Department of Education and Skills
Education Policy
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
779. To ask the Minister for Education and Skills an féidir léi a dheimhniú go bhfágfar an scrúdú cainte Gaeilge don Ardteist i mbliain a 6, ar scrúdú é atá seanbhunaithe, mar atá sé faoi láthair, chun a chinntiú go mbeidh tosaíocht ag an nGaeilge labhartha go deireadh na sraithe sinsearaí. [18742/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi mar is eol don Teachta, mar Aire, táim tiomanta do leanúint ar aghaidh le feidhmiú beartaithe Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, a bhfuil sé mar chuspóir aici “cothroime agus barr feabhais do chách” a sholáthar agus a chumasóidh scoláirí chun aghaidh a thabhair ar dhúshláin an 21ú haois.
Ar cheann de na príomhchuspóirí atá le clár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí tá an t-ualach measúnaithe atá ar scoláirí a leathadh.
Faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, déanfar na hábhair go léir a athfhorbairt ina dtráinsí. Cuimseoidh gach ábhar nua agus leasaithe Comhpháirt Measúnaithe Breise (AAC) a mbeidh 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil ag gabháil léi. Beidh AACanna difriúil le scrúdú scríofa deiridh agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú seachtrach orthu. Cinnteoidh sé sin go bhfaighidh scoláirí creidiúint as scileanna éagsúla a fhorbairt agus a léiriú, scileanna ó bhéal san áireamh.
De réir mar atá beartaithe faoi láthair, beidh Gaeilge na hArdteistiméireachta mar chuid de thráinse 4 den sceideal atá beartaithe don leasú ar shonraíochtaí na n-ábhar. Ciallaíonn sé sin go mbeadh scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain in 2028 ag déanamh staidéir ar an ábhar leasaithe.
Tabharfar aghaidh ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear aiseolas i dtaca leis na comhpháirteanna ó bhéal, i gcomhthéacs na hathfhorbartha ar shonraíocht an ábhair a bhfuiltear ag súil go gcuirfear tús léi san fhómhar seo chugainn.
No comments