Written answers

Thursday, 10 April 2025

Department of Finance

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

165. To ask the Minister for Finance míniú a thabhairt maidir leis an bhfáth ar dhiúltaigh sé do leasú Uimh. 5 ar Chéim an Choiste den Bhille Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar), 2024, toisc nár thug sé míniú le linn na díospóireachta sin; an mbeadh sé sásta rochtain ar bhonneagar airgid thirim a chinntiú do phobal labhartha na Gaeilge tríd an mBille a leasú ar Chéim na Tuarascála; agus an bhfuil sé i gceist aige aon ghníomh a ghlacadh chun rochtain ar bhonneagar airgid thirim trí Ghaeilge a fheabhsú. [18309/25]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 socrú chun seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a sholáthar ag comhlachtaí a fhorordaítear faoin gCéad Sceideal den Acht sin. Déantar é seo trí mheicníochtaí éagsúla, le haird ar leith á tabhairt ar cheantair Ghaeltachta, is iad sin:

• dualgais dhíreacha;

• dualgais de réir rialacháin;

• dátaí a shocrú faoina mbeidh seirbhísí agus oifigí Gaeltachta le soláthar/ag feidhmiú trí Ghaeilge;

• cur i bhfeidhm an chéad Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge riamh agus Pleananna Gníomhaíochta gaolmhara atá le teacht;

• Caighdeáin Teanga a thabhairt isteach in ionad Scéimeanna Teanga.

Ba chóir a thabhairt faoi deara gur faoi chomhlachtaí forordaithe ar leith é comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I gcomhthéacs UMBanna, atá faoi úinéireacht phríobháideach, cuireann go leor UMBanna rogha na n-idirbheart i nGaeilge ar fáil cheana féin agus is coitianta éagsúlacht roghanna teanga eile a fheiceáil freisin.

Cé gur chuaigh an díospóireacht ag Céim an Choiste ar an mBille leis an Aire Stáit níos faide ná an leasú a bhí molta, níl sé soiléir cén tionchar a bheadh ag duaglas den sórt sin a leagan ar UMBanna faoi úinéireacht phríobháideach, go háirithe meaisíní oidhreachta níos sine i gceantair le húsáid íseal. Tá impleachtaí i dtéarmaí costais agus soláthar seirbhíse ag baint le hathchlárú meaisíníníos sine , agus tá an baol ann go mbainfí UMBanna chun cloí lena leithéid de riachtanas teanga. Dá spreagfadh ceanglas den sórt sin an gá le UMBanna malartacha a shuiteáil, níl aon ráthaíocht ann go mbeadh UMBanna nua sna láithreacha céanna. D’fhéadfadh bearnaí neamhchinntithe sa tseirbhís teacht chun cinn mar thoradh ar an athrú ó UMB amháin go ceann eile, fiú má athshuiteáiltear UMB san áit chéanna. Dréachtaíodh forálacha an Bhille go cúramach chun cothromaíocht a aimsiú idir costais agus ualach riaracháin, chomh maith leis an sprioc beartais rochtain ar airgead tirim a chinntiú.

Tá ceist níos leithne beartais le breithniú freisin. An tionchar a bhaineann le leasú den sórt sin a ghlacadh ná oibleagáid agus costas breise a fhorchur ar eintitis shonracha san earnáil phríobháideach, agus bheadh fadhbanna bainte le ceann amháin de na soláthróirí seirbhíse ar leith a roghnú, mar go leagfadh sé sin fasach leathan do raon soláthraithe seirbhíse eile. Ina theannta sin, téann an dualgas molta thar cheanglais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a chuireann teorainn lena scóip do chomhlachtaí poiblí.

Toisc gur ceist í soláthar seirbhísí príobháideacha trí Ghaeilge a bhfuil impleachtaí forleathana aici, is ceist beartais í seo don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus don Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.