Written answers

Wednesday, 9 April 2025

Department of Housing, Planning, and Local Government

Údaráis Áitiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

146. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén líon fóirne ar fud na n-údarás áitiúil a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu, agus an bhféadfaidh sé miondealú a thabhairt de réir údarás áitiúil. [17678/25]

Photo of James BrowneJames Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, tá gach Príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe foirne agus eagrúcháin atá riachtanach chun tabhairt faoi fheidhmeanna an údaráis áitiúil a bhfuil sé/sí freagrach as. Foráiltear le halt 63(3) den Acht Rialtais Áitiúil 2001, faoi réir an dlí, go bhfuil údarás áitiúil neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Déanann mo Roinn maoirseacht ar phleanáil fórsa saothair d’earnáil an rialtais áitiúil, lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil fostaíochta in earnáil an rialtais áitiúil. Chuige sin, bailíonn mo Roinn sonraí comhiomlána go ráithiúil ar an líon foirne i ngach údarás áitiúil ar bhonn coibhéis lánaimseartha. Mar sin féin, ní bhailítear sonraí gráinneacha, ar nós líon na mball foirne a bhfuil scileanna Gaeilge acu agus dá bhrí sin níl siad ar fáil maidir le mo Roinn. Bheadh an t-eolas ábhartha ar fáil ó gach údarás áitiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.