Written answers

Thursday, 3 April 2025

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

41. To ask the Minister for Finance an bhfuil aon anailís déanta ag a Roinn ar an tionchar a bheadh ag eisceacht ón dleacht stampála i gcás tithe saoire sa Ghaeltacht atá á ndíol le daoine agus le teaghlaigh le Gaeilge mar bhealach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht agus tithe breise a fháil ar an margadh, agus an bhfuil sé i gceist aige eisceacht dá shórt a chur i bhfeidhm. [16050/25]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann cúrsaí maidir le forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge le mo chomhghleacaithe an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta Dara Calleary TD agus Jerry Buttimer TD (an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le freagracht ar leith as Forbairt Pobail, Carthanas, Gaeltachtaí agus Oileán).

Is é ceann de phríomhróil roinn an Aire Calleary ná chun an Ghaeilge a thacú agus a láidriú mar an phríomhtheanga phobail sna réigiúin Ghaeltachta.

Maoiníonn an roinn sin Údarás na Gaeltachta agus oibríonn sí go dlúth leis agus é ina ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht.

Tá freagracht uileghabhálach ag an roinn sin an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i bhfeidhm chomh maith. Cuirtear cur chuige iomlánaíoch comhtháite chun cinn sa Stráitéis sin atá comhsheasmhach le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ar cheann de na gnéithe an-tábhachtach sa Straitéis seo, rud a dhéantar i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Bheadh sé an-deacair (nó fiú dodhéanta) beart ar nós an chinn a mhol an Teachta a reáchtáil agus póilíneacht a dhéanamh air.

Ina dteannta sin, baineadh an beart molta seo le díol áiteanna cónaithe tánaisteacha ina dtithe saoire amháin. Ach ní thabharfaí bunspreagadh i mbeart mar seo d’úinéirí áiteanna cónaithe tánaisteacha i gceantair Ghaeltachta iad a chur ar an margadh, toisc go bhfuil an Dleacht Stampála le híoc ag an duine nó ag na daoine atá ag ceannach réadmhaoine, seachas aige nó acu á dhíol.

Faoi dheireadh, is fiú dom a lua go bhfuil eisceacht Dleacht Stampála cheana féin ag Údarás na Gaeltachta agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta araon faoi alt 25 den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 agus faoi alt 93A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa faoi seach.

Níl rún agam beart an Teachta a thabhairt faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.