Written answers

Wednesday, 2 April 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Liam QuaideLiam Quaide (Cork East, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

137. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas atá sé i gceist aige tacú le gealltanas fostaíochta fiche faoin gcéad laistigh d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16183/25]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag croílár iarrachtaí mo Roinnse sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair faoi na hAchtanna criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo agus a chumasú do lucht labhartha na teanga ar fud na tíre í a úsáid ina bplé leis an Stát.

Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Mar a luadh roimhe seo, is toradh é an plean taighde-bhunaithe seo ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil a bunaíodh faoin Acht, lena n-áirítear mo Roinn féin mar Chathaoirleach, chomh maith leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, An Garda Síochána, agus Poistphoiblí, gan ach cuid acu a lua.

Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach chomh maith le haghaidh a thabhairt ar sprioc earcaíochta 20% an Achta, mar atá luaite ag an Teachta ina cheist.

Táthar le tacú leis an bplean náisiúnta seo trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana - an chéad cheann ag clúdach na tréimhse 2025-2027. Leagfaidh na pleananna seo amach na bearta sonracha a bheidh le tógail chun cuspóirí an Choiste Chomhairligh agus an Achta go ginearálta a bhaint amach. Tuigtear dom go bhfuil mo chuid oifigeach ag obair go dlúth leis an gCoiste Comhairleach agus páirtithe leasmhara eile chun bailchríoch a chur ar an chéad phlean gníomhaíochta seo gan mhoill. Tá beartaithe an plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú agus a fhoilsiú ansin sa cúpla mí amach romhainn.

In éineacht leis an obair seo, tá m'oifigigh ag obair chomh maith ar roinnt straitéisí eile chun an soláthar daoine atá inniúil i nGaeilge a mhéadú i dtreo sprice earcaíochta an Achta, mar shampla:

  • Forbairt agus cur chun cinn Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, a bunaíodh anuraidh chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge a gcuid Gaeilge a úsáid i gcomhthéacs tacúil agus sóisialta. Tá tacaíocht maoinithe de os cionn €1m le cur ar fáil ag mo Roinn ina leith seo thar thréimhse 3 bliana, 2024-2026;
  • Athbhreithniú, atá á dhéanamh faoi láthair, ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge chun a chinntiú go bhfuil agus go mbeidh sé ag freagairt do riachtanais shonracha na seirbhíse poiblí in Éirinn sna blianta amach romhainn;
  • Forbairt printíseachtaí trína bhféadfaí scileanna teanga a fhorbairt, ag teacht le gealltanas atá tugtha ina leith i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí;
  • Forbairt feachtas feasachta náisiúnta ar mhór-scála chun aird a tharraingt, i measc daoine óga go háirithe, ar na deiseanna fostaíochta atá agus a bheidh ann dóibh a bheith ag obair trí Ghaeilge ina ngairm roghnaithe san earnáil phoiblí sna blianta amach romhainn.
Chun tacú leis seo go léir, tá buiséad €1.5 milliún ar fáil in 2025 do thionscnaimh seirbhíse poiblí a chuirfidh go mór leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i soláthar seirbhísí poiblí.

Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh ó achtaíodh an tAcht leasaithe 3 bliana ó shin, agus beidh dlús ag teacht leis an obair seo anois sa chéad leath de 2025 chun a chinntiú go dtosaíonn na píosaí seo go léir ag teacht le chéile idir an Plean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus na forálacha deiridh a tugadh feidhm dóibh ag deireadh na bliana seo caite. Is cinnte go bhfuil roinnt den dea-obair faoin Acht le brath ag an bpobal cheana féin, mar shampla rathúlacht na forála fógraíochta, agus déanfar tógail air sin anois ar bhealach suntasach sa tréimhse amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.