Written answers

Tuesday, 1 April 2025

Department of An Taoiseach

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

111. To ask the Taoiseach cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9982/25]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South-Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Roinn an Taoisigh tiomanta do chultúr a fhorbairt agus a chothabháil a spreagann úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn agus le linn ár gcaidreamh lis an bpobal. Áirítear leis seo líon leordhóthanach foirne a fhostú le hinniúlacht leordhóthanach sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais leibhéal na seirbhíse, agus deiseanna a sholáthar chun cabhrú le gach ball foirne sa Roinn a gcuid eolais agus leibhéil úsáide a fheabhsú. Den chuid is mó, baineann na seirbhísí a sholáthraíonn Roinn an Taoisigh as Gaeilge le freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ón bpobal agus ó na meáin.

Tá líon beag foirne ag Roinn an Taoisigh ar fud na Roinne atá in ann seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge, agus is leor sin chun freastal ar an éileamh, lena n-áirítear daoine atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta. In 2024, d’earcaigh an Roinn triúr ball foirne ó phainéil Ghaeilge ar leith a bhunaigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.