Written answers
Wednesday, 26 March 2025
Department of Education and Skills
Teagasc na Gaeilge
Louis O'Hara (Galway East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
68. To ask the Minister for Education and Skills an ndéanfar cinneadh chun an méid sraitheanna pictiúr san Ardteist a laghdú do na daltaí atá sa chúigiú bliain faoi láthair,; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14318/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an tsraith pictiúr, nó seichimh pictiúr, mar chuid den Bhéaltriail Ghaeilge d’iarrthóirí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil, agus tá 40% de mhóriomlán na marcanna don Ghaeilge san Ardteistiméireacht ar fáil don Bhéaltriail.
Mar fhreagairt ar cheisteanna ar tugadh suntas dóibh i dtaighde na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi na sraitheanna pictiúr agus na gnéithe comhrá den Bhéaltriail, thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) isteach coigeartuithe ar struchtúr an Bhéaltriail do scrúduithe 2020 agus ina dhiaidh sin. Tá sé mar aidhm acu seo deiseanna breise a chruthú don idirghníomhú idir an iarrthóir agus an scrúdaitheoir agus dá réir sin deis a thabhairt don iarrthóir a inniúlacht a léiriú agus cothromaíocht a choinneáil idir na codanna éagsúla den bhéaltriail. Mar thoradh ar an bpaindéim, áfach, níor tharla na scrúduithe cainte in 2020.
Ó shin i leith rinneadh coigeartuithe ar shocruithe measúnaithe i bhfianaise thionchar na paindéime ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinneadh na coigeartuithe seo agus aird chuí tugtha ar phrionsabail an chomhionannais, na cothroime agus na hiontaofachta, maidir le comparáidí scoláire-le-scoláire, ábhar-le-hábhar agus bliain le bliain. Ina measc tá laghdú ó 20 go 10 ar líon na sraithe pictiúr nach mór do gach iarrthóir a ullmhú.
Ar 17 Aibreán 2024, dheimhnigh an tAire Oideachais a bhí ann ag an am go ndéanfaí coigeartuithe ar scrúduithe Stáit 2025. Is ionann na coigeartuithe seo agus na coigeartuithe a cuireadh i bhfeidhm ar scrúduithe Stáit 2023 agus 2024, ach iad nuashonraithe de réir mar is ábhartha.
Ar 18 Meán Fómhair 2024, eisíodh chuig scoileanna sonraí na socruithe measúnaithe coigeartaithe do gach tuairisceoir ábhair/modúil i gclár na hArdteistiméireachta Bunaithe, na hArdteistiméireachta Feidhmí, Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí, agus iarradh ar scoileanna a chinntiú go gcuirfí gach scoláire ar an eolas faoi na hathruithe seo. Beidh leibhéal na gcoigeartuithe amach anseo ar scrúduithe tar éis 2025 bunaithe ar thaithí 2025.
No comments