Written answers

Thursday, 20 March 2025

Department of Justice and Equality

Scéimeanna Rannacha

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

133. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality an bhfuil sé i gceist féachaint athuair ar úsáid bráiséad rúitín mar chuid den chóras bannaí agus an féidir leis trácht ar an ábhar. [11953/25]

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé do-ghlactha amach is amach, ar ndóigh, go ndéanann daoine cionta le linn dóibh bheith ar bannaí. Sárú díreach atá ann ar a ngealltanas nuair a dheonaigh an chúirt bannaí dóibh.

Gealltar sa Chlár Rialtais go gcuirfear clibeáil leictreonach i bhfeidhm do chatagóirí cuí ciontóra, d’fhonn róphlódú i bpríosúin a laghdú.

Tá tús curtha le tionscadal i mo Roinnse chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir monatóireacht leictreonach a chur in úsáid i gcomhréir le forálacha reachtacha atá ann. Tá grúpa stiúrtha bunaithe, arna chomhdhéanamh d’ionadaithe earnála a mbeidh baint acu leis an seachadadh. Tá tús curtha le hobair ag meas na nithe praiticiúla oibríochtúla atá le breithniú, lena n-áirítear an teicneolaíocht atá le húsáid, maidir le catagóirí iomchuí ciontóra, chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile.

Déantar socrú lenár ndlíthe, go háirithe an tAcht um Bannaí, 1997 (arna leasú), maidir le bannaí a dhiúltú in imthosca áirithe de réir an Bhunreachta. Leagtar amach sa dlí na himthosca inar féidir bannaí a dhiúltú agus, mar atá tugtha le fios agam roimhe seo, tugtar cumhachtaí don Gharda Síochána leis, freisin, chun agóid a dhéanamh i gcoinne bannaí a thabhairt.

Tá an breitheamh ceannais go hiomlán neamhspleách ag feidhmiú a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh, agus is ábhar don chúirt amháin é an cinneadh bannaí a dheonú nó a dhiúltú i gcás áirithe. Ní foláir a nótáil go nglactar an-dáiríre le srian a chur ar shaoirse duine roimh chiontú, ag cur thoimhde an Bhunreachta san áireamh, go meastar gach duine a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthaítear i gcúirt dlí an duine a bheith ciontach.

Tá forálacha láidre san Acht um Bannaí, faoi mar atá sé, maidir le déileáil le sáruithe ar bhannaí agus maidir le teacht roimh sháruithe ar bhannaí.

I gcás nach gcomhlíonann duine aonair aon choinníollacha a bhaineann le bannaí, féadfaidh an breitheamh barántas binse a eisiúint, ag sainordú don Gharda Síochána an duine a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte. Ina theannta sin, is féidir le Garda duine a ghabháil láithreach gan bharántas i gcás cúis réasúnach a bheith ag an gcomhalta chun drochamhras a bheith ar an gcomhalta go bhfuil coinníoll banna sáraithe ag an duine, nó go bhfuil an duine ar tí coinníoll banna a shárú, agus go measann an Garda go bhfuil an ghabháil riachtanach chun díobháil d’íospartach nó d’fhinné, nó cur isteach nó imeaglú ar íospartach nó ar fhinné, a chosc.

Táim tiomnaithe dár ndlíthe bannaí a choinneáil faoi athbhreithniú agus déanfar leasuithe fónta breise a aithnítear a thabhairt isteach de réir mar is cuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.