Written answers

Thursday, 20 March 2025

Department of Housing, Planning, and Local Government

An Ghaeltacht

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

66. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cad é stádas na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht; cén uair a fhoilseofar na treoirlínte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12806/25]

Photo of James BrowneJames Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, cuspóirí éigeantacha d’údaráis áitiúla, nach mór aghaidh a thabhairt orthu nuair atá a bPlean Forbartha á dhréachtú, a rialaíonn beartais forbartha áitiúla. Nuair atá ceantar Gaeltachta laistigh de limistéar riaracháin an údaráis pleanála, ní mór forálacha agus cuspóirí a chur san áireamh sa phlean forbartha a dhéanfaidh “oidhreacht teanga agus chultúir na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail”.

Tugtar treoir bhreise d’údaráis áitiúla sna Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha d’Údaráis Áitiúla a foilsíodh i mí Iúil 2022, lena n-áirítear léargas a thabhairt ar na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (Limistéar Pleanála Teanga - LPTanna mar a cheanglaítear faoi Acht na Gaeltachta, 2012) chomh maith le beartais bhreise a chur san áireamh ar nós a chinntiú go mbeidh tionchar dearfach ag tograí forbartha i gceantair Ghaeltachta ar an oidhreacht teanga agus chultúir a mbeifear ábalta a mheas go tréan ag céim an iarratais pleanála.

Tá Grúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO), an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre chun treoir shonrach pleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre ar leith ann freisin ar a bhfuil an dá Roinn agus Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla a bhaineann le ceantair Ghaeltachta. Tionóladh cruinnithe an Ghrúpa Idir-Rannach agus an Ghrúpa Oibre in 2023 agus lean rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne ar aghaidh in 2024 agus tá sin fós ar siúl.

Ag féachaint don ghá atá ann breithniú a dhéanamh ar na hábhair chasta atá i gceist agus i ndiaidh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, beidh dréacht-treoirlínte críochnaithe faoi réir scagadh éigeantach faoi dhlí an AE maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), agus chun críocha Measúnachta Cuí (MC). Tá sé beartaithe, i gcomhairle leis an RFTPG, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, na dréacht-treoirlínte a fhoilsiú ansin le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.