Written answers

Wednesday, 19 March 2025

Department of Foreign Affairs and Trade

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

122. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade aon bhuntáistí, idir chinn dhíreacha (poist arna gcruthú sna Forais Eorpacha, srl) agus chinn indíreacha a bhaineann le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil iomlán de chuid an Aontas Eorpaigh a chur in iúl, agus ar féidir leis trácht ar an gceist. [11776/25]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag meán oíche, an 31 Nollaig 2021, bhain an Ghaeilge cothromas iomlán amach le 23 theanga oifigiúil eile an Aontais Eorpaigh. Nóiméad tábhachtach a bhí anseo ní hamháin d’Éirinn. Agus deireadh tagtha leis an maolú a bhí i bhfeidhm ó 2007, ón 1 Eanáir 2022, bhain an Ghaeilge stádas iomlán amach in institiúidí an AE, i ré nua don chomhionannas teanga. Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do phobal na hÉireann go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is admháil é go bhfuil teanga againn, mar phobal, a léiríonn ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiúin uathúla. Léiríonn sé freisin don domhan go bhfuil ómós agus meas ar éagsúlacht teanga agus chultúrtha na hÉireann laistigh den chreat Eorpach. D'oibrigh institiúidí an Aontais agus Rialtas na hÉireann as lámha a chéile ar bhonn straitéiseach le cinntiú go mbeadh dóthain daoine a bhfuil na cáilíochtaí agus na scileanna cuí acu, chomh maith le líofacht sa Ghaeilge, ar fáil le tabhairt faoin obair thábhachtach seo ar Mór-Roinn na hEorpa.

Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, tá na hinstitiúidí Eorpacha ag aistriú níos mó ná a thrí oiread go Gaeilge anois i gcomparáid leis an méid a bhí i gceist le linn an mhaolaithe. Anuas air sin, tá méadú déanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ar líon na mball foirne le Gaeilge agus tá os cionn céad seachtó (170) duine ag obair sna seirbhísí teanga anois – le hais caoga a hocht (58) a bhí ag obair sna seirbhísí Ghaeilge sa bhliain fiche a sé déag 2016. Beidh doirse nua á n- oscailt dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu i réimsí ar nós seirbhísí dlí, cumarsáid agus gnóthaí poiblí.

Chomh maith leis na deiseanna fostaíochta díreacha le hinstitiúidí an AE, tá buntáiste ag stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an AE chun fostaíocht indíreach a sholáthar do chainteoirí cáilithe Gaeilge, sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír, trí sheirbhísí aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile a ndéantar obair ina leith a sheachfhoinsiú do chomhlachtaí aistriúcháin/teangeolaíochta agus d’aistritheoirí neamhspleácha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.