Written answers

Thursday, 6 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

40. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé nuashonrú maidir leis an riachtanas sa Státseirbhís go mbeadh Gaeilge ag fiche faoin gcéad d’earcaigh nua faoi dheireadh 2030; agus an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an tábhacht a bhaineann le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta, go háirithe. [10074/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag croílár iarrachtaí mo Roinne sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair faoi na hAchtanna seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo agus a chumasú do lucht labhartha na teanga ar fud na tíre, ach sna Gaeltachta go háirithe, í a úsáid ina bplé leis an Stát.

Céim shuntasach chun cinn sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla ab ea foilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Is toradh é an plean taighde-bhunaithe seo ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil a bunaíodh faoin Acht.

Tá an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, le feidhmiú mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach chomh maith le haghaidh a thabhairt ar sprioc earcaíochta an Achta, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.

Táthar le tacú leis an bplean náisiúnta seo trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana - an chéad cheann ag clúdach na tréimhse 2025-2027. Leagfaidh na pleananna seo amach na bearta sonracha a bheidh le tógáil chun cuspóirí an Choiste Chomhairligh agus an Achta go ginearálta a bhaint amach.

Tuigtear dom go bhfuil mo chuid oifigeach ag obair go dlúth leis an gCoiste Comhairleach agus páirtithe leasmhara eile chun bailchríoch a chur ar an chéad phlean gníomhaíochta seo gan mhoill. Tá beartaithe an plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú ansin sna míonna amach romhainn.

Anuas air sin, sna míonna amach romhainn, beidh mé ag leagan síos dáta nó dátaí réalaíocha agus insroichte i leith oifigí agus seirbhísí Gaeltachta faoi Alt 18E(a) agus (b), a chothóidh muinín phobal na Gaeltachta in úsáid na hoifigí agus na seirbhísí poiblí úd sin trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin dar ndóigh.

Chun tacú leis seo go léir, tá buiséad €1.5 milliún ar fáil in 2025 do thionscnaimh seirbhíse poiblí a chuirfidh go mór leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i soláthar seirbhísí poiblí. Leis an mbuiséad seo:

  • tacófar leo siúd atá ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a fhorbairt trí Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, a bunaíodh anuraidh;
  • cothófar feasacht i measc daoine óga faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil dóibh le Gaeilge san earnáil phoiblí tríd an tionscnamh ‘Gluaiseacht’ – seó bóthair d’iar-bhunscoileanna, institiúidí tríú leibhéal agus aontaí gairmeacha atá á mhaoiniú ag an Roinn agus á riar ag Conradh na Gaeilge;
  • seolfar feachtas feasachta náisiúnta dírithe ar dhaoine óga agus na mór deiseanna fostaíochta éagsúla atá ann dóibh leis an nGaeilge sa chóras poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.