Written answers
Thursday, 6 March 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Gaeltacht Policy
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil imní air mar gheall ar an easpa Oifig Poist i nGaeltacht na nDéise le nach mór bliain anuas – an tseirbhís stáit deireanach a bhí ar fáil sa cheantair Gaeltachta seo, an oibreoidh sé le hÚdarás na Gaeltachta chun scéim dá chuid a athrú nó a leathnú ionas gur féidir tacú le saincheadúnaí an tseirbhís a chur ar fáil, nó an gcuirfidh sé scéim nua ar bun é féin chun seirbhís Oifig Poist a athbhunú i nGaeltacht na nDéise. [10110/25]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoin gClár Rialtais tá sé ráite go leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do líonra na n-oifigí poist le maoiniú chun a chinntiú go gtugann siad luach don phobal áitiúil.
Beidh cúraimí cumarsáide ag teacht faoi mo chúram go luath nuair a dhéantar na h-ordaithe cuí.
Ach ba chóir don Teachta a thabhairt faoi deara gur ceist í do An Post leagan amach an gréasán poist agus, mar sin, ba chóir gach ceist faoi oifigí faoi leith a chur chuig An Post.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil iniúchadh déanta le déanaí ar an bhféidearthacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do mhiondíoltóir a bhfuil sé ar intinn aige seirbhís poist a chur ar fáil thar ceann An Post sna ceantair Ghaeltachta. Ach tuigim nach sásódh a leithéid de thionscadal na ceanglais cáilitheachta d’aon cheann de na scéimeanna atá á reáchtáil ag an Údart.
Ó tharla gur comhlacht neamhspleách é Údarás na Gaeltachta, ní bheadh sé cuí don Aire idirghabháil a dhéanamh in oibríochtaí laethúla na heagraíochta.
Cé nach raibh ar chumas an Údaráis tacaíocht a chur ar fáil sa chás atá luaite agam, cuireann an tÚdarás tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí bunaithe agus do ghnólachtaí nua chun fás agus forbairt. Mar shampla, cheadaigh Údarás na Gaeltachta beagnach €128,000 do thograí gnó agus pobail i nGaeltacht Phort Láirge na Rinne le linn 2024.
Áirítear leis seo €20,000 do thograí gnó agus beagnach €110,000 d'eagraíocht forbartha pobail sa cheantar. Tá an figiúr d’eagraíocht forbartha pobail méadaithe go beagnach €113,000 do 2025.
Anuas air sin, bhí 274 duine fostaithe i gcuideachtaí agus gnólachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta sna Deise ag deireadh 2024. San áireamh leis seo, bhí postanna lánaimseartha, páirtaimseartha, agus séasúracha.
No comments