Written answers
Thursday, 6 March 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Irish Language
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
54. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fhoilseofar na pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9637/25]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag croílár iarrachtaí mo Roinne sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair faoi na hAchtanna criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo agus a chumasú do lucht labhartha na teanga ar fud na tíre í a úsáid ina bplé leis an Stát.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Mar a luadh roimhe seo, is toradh é an plean taighde-bhunaithe seo ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil a bunaíodh faoin Acht, lena n-áirítear mo Roinn féin mar Chathaoirleach, chomh maith leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Poistphoiblí, gan ach cuid acu a lua.
Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach chomh maith le haghaidh a thabhairt ar sprioc earcaíochta 20% an Achta.
Mar atá luaite ag an Teachta, táthar le tacú leis an bplean náisiúnta seo trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana - an chéad cheann ag clúdach na tréimhse 2025-2027. Leagfaidh na pleananna seo amach na bearta sonracha a bheidh le tógáil chun cuspóirí an Choiste Chomhairligh agus an Achta go ginearálta a bhaint amach.
I understand that my officials are working closely with the Advisory Committee and other stakeholders to finalise this first action plan without delay. It is planned to submit the action plan to Government for approval there in the coming months.
Much work has been going on since the act was enacted 3 years ago, and this work will now accelerate in the first half of 2025 to ensure that all of these pieces begin to come together between the National Plan and Action, the Language Standards and the final provisions that came into effect at the end of last year. Certainly, some of the good work under the Act is already being felt by the public, for example the success of advertising provision, and this will now be built on in a significant way in the period ahead.
No comments