Written answers
Wednesday, 5 March 2025
Department of Transport, Tourism and Sport
Departmental Staff
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
25. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9970/25]
Darragh O'Brien (Dublin Fingal East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá 699 ball foirne ag mo Roinn, lena n-áirítear Aonad Gaeilge ina bhfuil Oifigeach Gaeilge ag grád Ardoifigigh Fheidhmiúcháin, agus Oifigeach Feidhmiúcháin, ar tógadh an bheirt acu ó phainéil Ghaeilge.
Tacaíonn Foireann Foghlama agus Forbartha na Roinne agus Aonad na Gaeilge le comhghleacaithe chun leanúint ar aghaidh ag forbairt a scileanna Gaeilge, agus a dtuiscint ar ár bhfreagrachtaí comhroinnte faoin reachtaíocht. Tá tacaíocht tugtha ag mo Roinn do 40 ball foirne chun oiliúint sa Ghaeilge a chur i gcrích trí Ghaelchultúr ag gach leibhéal líofachta ó 2023 i leith, agus tugtar cuireadh do bhaill foirne a spéis sna cúrsaí sin a chlárú go tráthrialta i rith na bliana. Bíonn oiliúint ról-shonrach bhreise curtha ar fáil agus in 2025 áirítear leis sin baillfóirne ag freastal ar Dhianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge a chuir Gaelchultúr ar fáil agus Cúrsa Oiliúna Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre a chuir Ollscoil Luimnigh ar fáil.
Laistigh den Roinn, cuirimid úsáid na Gaeilge chun cinn go gníomhach, lena n-áirítear ailt i nGaeilge agus i mBéarla a fhoilsiú inár nuachtlitir inmheánach choicísiúil, comhghleacaithe a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid trí imeachtaí ar nós ár gciorcal comhrá míosúil, agus deiseanna a fhiosrú chun teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge trí fhaisnéis a chur ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ar ár gcainéil meán sóisialta. Déanaimid ceiliúradh freisin ar Sheachtain na Gaeilge, le himeachtaí i mbliana ar nós siúlóid folláine, taispeáint scannáin, maidin chaife agus eagrán dátheangach dár nuachtlitir inmheánach.
No comments