Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Rural and Community Development

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

227. To ask the Minister for Rural and Community Development cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9985/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail de, tá 210 ball foirne Coibhéis Lánaimseartha le fáil ann, agus tá 15 acu san in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá tiomantas láidir léirithe ag an Roinn maidir lena dualgais faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus déanannan an Roinn cinnte de go bhfuil acmhainní teanga leordhóthanacha laistigh den Roinn chun an leibhéal seirbhíse Gaeilge atá de dhíth a chur ar fáil. Tá liosta de bhaill foirne uile na Roinne atá líofa sa Ghaeilge agus a thairg cuidiú leis an bpobal ina leith seo foilsithe freisin ar shuíomh inlín na Roinne.

Tá feidhmeanna maidir leis an Ghaeltacht agus Ghaeilge taréis aistriú chuig an Roinn le gairid agus tugann sé sin deis an tiomantas seo a neartú tuilleadh.

Cuireann Aonad Foghlama agus Forbartha na Roinne deiseanna ar fáil don fhoireann a gcumas agus a líofacht sa Ghaeilge a fhorbairt, chomh maith le hacmhainní dóthanacha agus sainoiliúint a sholáthar nuair is cuí. Chuige seo, tugadh faoi roinnt tionscnamh le blianta beaga anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mar shampla, d’fhreastail 15 ball foirne ar ranganna Gaeilge ar líne le GaelChultúr agus ghlac beirt eile páirt i gcúrsa tumoideachais seachtaine sna Doirí Beaga le Gael-Linn.

Bíonn an Roinn gníomhach freisin i gcur chun cinn Sheachtain na Gaeilge agus le imeachtaí Gaeilge eile sa Roinn a chur chun cinn, lena n-áirítear seisiúin eolais agus cur i láthair, nuair is cuí. Ar deireadh, tagann grúpaí Ciorcal Comhrá le chéile go seachtainiúil ar líne i rith na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.