Written answers
Wednesday, 5 March 2025
Department of Education and Skills
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
219. To ask the Minister for Education and Skills cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9973/25]
James Lawless (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Líon na foirne reatha i mo Roinn ná 301.
Tacaíonn an Roinn lena foireann chun a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt trí rannpháirtíocht sa Ghaeilge Ghairmiúil a spreagadh trí Ghaelchultur, a chuireann oiliúint ar fáil don tseirbhís phoiblí. Maoiníonn an Roinn oiliúint na foirne trína haonad Foghlama agus Forbartha.
Tá cúrsaí sa Ghaeilge Ghairmiúil déanta ag 25 ball foirne le Gaelchultúr, agus tá beirt acu cláraithe le haghaidh 2025. Táthar ag súil le tuilleadh rannpháirtíochta i rith na bliana.
Cuireann na baill foirne a n-éiríonn leo na cúrsaí seo a chríochnú go rathúil le líon na mball foirne sa Roinn a bhfuil scileanna Gaeilge acu cheana féin.
Leanfaidh an Roinn ag tacú le hiarratais ó bhaill foirne ar mian leo a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt trí mhaoiniú a chur ar fáil chun freastal ar chúrsaí ábhartha.
No comments