Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Health

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

188. To ask the Minister for Health cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aici agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9983/25]

Photo of Jennifer Carroll MacNeillJennifer Carroll MacNeill (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amhail deireadh mhí Eanáir 2025, bhí 688 duine ag obair sa Roinn Sláinte. Faoi láthair, ní choinníonn an Roinn liostaí de bhaill foirne le líofacht sa Ghaeilge acu.

Tacaíonn mo Roinn le baill foirne tabhairt faoi oiliúint sa Ghaeilge. Cuirtear cúrsaí Gaeilge chun cinn agus fógraítear iad go hinmheánach agus tugtar lántacaíocht do gach iarratas.

Ceiliúrann an Roinn Seachtain na Gaeilge trí thionscnaimh cosúil le Briseadh Tae le Gaeilge a reáchtáil le linn Sheachtain na Gaeilge. Bíonn Maidin Caifé ar siúl go rialta sa Roinn freisin chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.