Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Defence

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

19. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9963/25]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 460 ball foirne san iomlán i mo Roinn faoi láthair, 9 (naonú) acu a bhfuil Gaeilge acu. Tá 13 bhall foirne eile ag glacadh páirte in oiliúint ag leibhéil éagsúla ó leibhéal na dtosaitheoirí go dtí an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Reáchtáiltear cúrsaí Gaeilge trí Fhoghlaim Amháin go débhliantúil san Earrach agus san Fhómhar agus tá cúrsaí éagsúla eile don Earnáil Phoiblí ar fáil don fhoireann ar leibhéil éagsúla Gaeilge lena n-áirítear TEG le Gaelchultúr.

Tá sé de chúram ar Aonad Feasachta Gaeilge (ILA) na Roinne a chinntiú go gcomhlíonann an Roinn Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Tá Líonra na Gaeilge ann freisin chun cabhrú le cur i bhfeidhm Scéim Teanga 2022-2025 na Roinne mar a cheanglaítear faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cothaíonn an tAonad ILA inlíon na Roinne ina bhfuil naisc chuig acmhainní éagsúla Gaeilge don fhoireann.

Ag teacht leis an bPlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, tá mo Roinn tiomanta do líon na foirne atá inniúil sa Ghaeilge a mhéadú chun soláthar seirbhísí a éascú, agus é ar intinn againn sprioc earcaíochta an Achta a bhaint amach go mbeidh 20% d’earcaigh san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.