Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of An Taoiseach

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1. To ask the Taoiseach cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9986/25]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South-Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Roinn an Taoisigh tiomanta do chultúr a fhorbairt agus a chothabháil chun úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn agus lenár gcustaiméirí araon a spreagadh. Áirítear leis sin cohórt leordhóthanach foirne a fhostú a bhfuil inniúlacht leordhóthanach acu sa teanga chun leibhéil seirbhíse a chomhlíonadh agus deiseanna a chur ar fáil chun cabhrú leis an bhfoireann feabhas a chur ar a gcuid eolais agus an méid úsáide a bhaineann siad aisti a fheabhsú. Tabhair faoi deara go mbaineann an chuid is mó den éileamh ar sheirbhísí Gaeilge le hiarratais ón bpobal i gcoitinne agus ó na meáin.

Tá líon beag ball foirne ag mo Roinn ar fud na Roinne, atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, agus tá sin leordhóthanach chun freastal ar an éileamh, lena n-áirítear do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta. In 2024, d’earcaigh an Roinn triúr ball foirne ó phainéil shonracha Ghaeilge na Státseirbhíse trí publicjobs.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9984/25]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é 1,976 líon iomlán na státseirbhíseach buan atá ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Astu sin, thug tuairim is 65 oifigeach le fios go bhfuil a ndóthain oilteachta acu chun ceisteanna ón bpobal i nGaeilge a láimhseáil go héifeachtach.

Tuigeann an Roinn na dualgais atá uirthi faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, faoi Straitéis Acmhainní Daonna 2023-2027 na Roinne, tá gealltanas tugtha ag an Roinn sciar na gcainteoirí Gaeilge sa Roinn a mhéadú. Maidir leis seo, tá pleananna i bhfeidhm sa Roinn chun aistritheoirí Gaeilge a earcú in 2025 agus le déanaí freisin ceapadh oifigigh ón sruth Oifigeach Cléireachais Gaeilge a bhainistítear go lárnach.

Tá roinnt beart déanta ag an Roinn freisin chun céatadán na gcainteoirí Gaeilge sa Roinn a mhéadú. Tacaíonn an Roinn le hoiliúint Ghaeilge ag gach leibhéal don fhoireann ar fud na Roinne, chomh maith le cruinnithe rialta de ghrúpaí comhrá/Ciorcal Comhrá, d’fhonn cabhrú le hoifigigh a líofacht a fheabhsú. Bíonn grúpaí comhrá ar siúl ar líne, le cur ar chumas cainteoirí ónár misin thar lear a bheith rannpháirteach iontu. Eisíonn an Roinn Nuachtlitreacha Teanga freisin, a bhfuil an Ghaeilge mar chuid díobh, mar chuid d’iarrachtaí chun rannpháirtíocht leis an nGaeilge a neartú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.