Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Agriculture, Food and the Marine

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

137. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9961/25]

Photo of Martin HeydonMartin Heydon (Kildare South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 3944 ball foirne i mo Roinn.

Is ann do 4 phost i mo Roinn inarb éigean don oifigeach caighdeán Gaeilge riachtanach a shásamh. Tá na poist sin lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, i.e. oifigí na n-ionad iascaigh cuain i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí. Tá an inniúlacht riachtanach sa Ghaeilge ag na baill foirne uile sna poist sin.

Spreagtar don uile bhall foirne i mo Roinn go rialta gabháil d’oiliúint Ghaeilge le Gaelchultúr, arb é soláthraí cúrsaí Gaeilge na Státseirbhíse faoi láthair é. Is é an rannán Foghlama agus Forbartha a mhaoiníonn an rannpháirtíocht sna cúrsaí sin ina hiomláine. Go dtí seo, tá inniúlacht bhunúsach sa Ghaeilge bainte amach ag 146 duine de mo bhaill foirne leis na cúrsaí sin. Ina theannta sin, déanann mo Roinn ceiliúradh bliantúil ar Sheachtain na Gaeilge le go bhféadfaidh na baill foirne ár dteanga agus ár gcultúr dúchais a chomóradh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.