Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Justice and Equality

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

125. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9966/25]

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Laistigh de chroílár na Roinne tá 2409 ball foirne. Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil Oifigeach/Aistritheoir lánaimseartha Gaeilge fostaithe ag mo Roinn agus go bhfuil 28 ball foirne eile ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

Ón mbliain 2006 i leith, le tosach feidhme a Scéime Tionscnaimh Gaeilge, tá mo Roinn tar éis 23 cúrsa inmheánach Gaeilge a reáchtáil, idir chúrsaí scríofa agus chúrsaí labhartha, arna gcur in oiriúint do bhaill foirne na Roinne. Is iad Gaeleagras, Gaelchultúr agus an Foras Riaracháin a reáchtáil na cúrsaí sin, i gcomhthráth le chéile, i roinnt cásanna, in oifigí na Roinne i mBaile Átha Cliath agus i gCill Airne araon.

I 2023 agus 2024, tugadh tacaíocht do 48 ball foirne chun oiliúint sa Ghaeilge a chur i gcrích. Cuirtear oiliúint sa Ghaeilge ar fáil do gach leibhéal líofachta. Mar shampla, áirítear sna cúrsaí Gaeilge a chuireann Gaelchultúr ar fáil Bunchúrsa Gaeilge d’Eagraíochtaí agus cúrsa ar féidir Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil a ghnóthú as. Tá cáilíochtaí ó Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) go Céim Máistir bainte amach ag baill foirne a d’fhreastail ar chúrsaí lasmuigh den Roinn.

Déanann mo Roinn dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú go gníomhach i measc fhoireann na Roinne, go háirithe trí chiorcal comhrá, píosa gach seachtain i nuachtlitir inmheánach na Roinne agus mór-imeacht gach bliain le linn Sheachtain na Gaeilge, a mbíonn freastal maith air i gcónaí, le baill foirne agus aoi-chainteoirí araon ag glacadh páirte ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.