Written answers
Wednesday, 5 March 2025
Department of Employment Affairs and Social Protection
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
120. To ask the Minister for Employment Affairs and Social Protection cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9969/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil, i gcomhréir le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla, agus trí bhíthin ár Scéime Gaeilge agus ár gCairte Custaiméirí agus Plean Gníomhaíochta 2023-2026.
Amhail an 31 Eanáir 2025, tá 293 ball foirne againn a bhaineann le raon Réimsí Gnó agus oifigí, agus a dhearbhaigh go bhfuil Gaeilge acu, agus atá toilteanach seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil dár gcuid Custaiméirí.
Is ionann sin agus tuairim is 4.3% d’Fhoireann na Roinne Coimirce Sóisialaí, bunaithe ar líon iomlán na foirne buaine a bhí ar seirbhís ag deireadh mhí Eanáir, mar atá 6,795.
Tá mo Roinn tiomanta d’fhorbairt agus oiliúint leanúnach na mball foirne chun soláthar seirbhísí i nGaeilge a éascú agus tugann mo Roinn ugach do bhaill foirne leas a bhaint as an réimse acmhainní oiliúna chun a gcuid líofachta sa nGaeilge a fheabhsú. Táimid tar éis méadú ó 80% go 100% a dhéanamh ar ár scéim i dtaca le haisíocaíocht táillí chun cúrsaí Gaeilge a chlúdach. In 2024, ghlac 170 ball foirne ar fud na roinne páirt in oiliúint Ghaeilge ar líne le GaelChultúr.
Tá freagracht ar Aonad Pleanála Corparáidí mo Roinne as comhordú, monatóireacht agus tuairiscí a dhéanamh ar fhorfheidhmiú oibleagáidí na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Cheapamar ball foirne de chuid na bainistíochta sinsearaí chun faireachán a dhéanamh ar a mhéad agus a chomhlíonaimid ár n-oibleagáidí faoin Acht. Ina theannta sin, tá Oifigigh Gaeilge againn chun tacú leis an bhfoireann maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn sa Roinn féin. I measc na ngníomhartha dearfacha a cuireadh i gcrích chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Roinn tá na cinn seo a leanas:
- Cothaímid pobal Gaeilgeoirí sa Roinn, agus reáchtálamar Oireachtas na Roinne in 2024. Le hOireachtas na Roinne, a reáchtáladh go hiomlán i nGaeilge, tugadh le chéile cuid de na baill foirne sin chun ár líonra de bhaill foirne a bhfuil Gaeilge acu a fhorbairt tuilleadh, chun go dtabharfaidh na baill sin tacaíocht dá chéile, agus chun úsáid na Gaeilge sa Roinn a chur chun cinn.
- Mar chuid den Chlár Ionduchtaithe a bhíonn le déanamh ag gach ball foirne nuacheaptha, cuirimid ar fáil eolas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoin gcaoi a mbaineann an tAcht sin linne sa Roinn, chomh maith le heolas faoi cúrsaí agus imeachtaí do Ghaeilgeoirí/d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Scaipimid suirbhé chun inniúlacht sa Ghaeilge a mheas freisin.
- Bíonn Ciorcal Comhrá ar líne gníomhach i gcaitheamh na bliana.
- Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2025, beidh seimineár gréasáin á reáchtáil againn do gach ball foirne ina leagfar béim ar thábhacht na Gaeilge sa Roinn agus ar shaibhreas na n-acmhainní foghlama atá ar fáil dúinn uile, is cuma más cainteoir líofa, foghlaimeoir nó duine nach bhfuil ach cúpla focal againn atá ionainn.
- Coinnítear ár n-áis inmheánach Stór Suíomh na Gaeilge cothrom le dáta chun go gcuirfear tuilleadh eolais leis agus feidhmíonn sé mar acmhainn chuimsitheach do gach duine den fhoireann.
- Ailt i nGaeilge a fhoilsítear inár n-iris inmheánach foirne.
No comments