Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

96. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9974/25]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 491 ball foirne fostaithe san Roinn seo faoi láthair, a bhfuil 74 bhall foirne acu sin i bpostanna ainmnithe Gaeilge nó i bpostanna a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge de dhíth ina leith. Tá 16 bhall foirne eile a sannadh ó phainéil Ghaeilge trí PoistPhoiblí.ie agus trí shoghluaisteacht státseirbhíse ar aonaid ghnó in áiteanna eile sa Roinn. Chomh maith leis sin, tá inniúlacht sa Ghaeilge deimhnithe ag 16 bhall foirne ar a bpróifíl foirne ar inlíon na Roinne.

Ní choinníonn an Roinn taifead ar cháilíochtaí a ball foirne, agus mar sin d’fhéadfadh go bhfuil baill foirne eile atá fostaithe sa Roinn a bhfuil cáilíocht agus inniúlacht aitheanta sa Ghaeilge acu.

Leanann mo Roinn ar aghaidh de bheith ag spreagadh gach ball foirne chun dul i mbun oiliúint sa Ghaeilge, agus leanann muid de bheith ag cur an oiliúint sin chun cinn agus á cur ar fáil. Tacaítear le baill foirne mo Roinne chun freastal ar chúrsaí Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil, atá á reáchtáil dhá uair sa bhliain agus á ndeimhniú ag Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Is díol suntais é seo, go háirithe toisc go bhfuil córas TEG bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha a luaitear go sonrach in Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021. Chomh maith leis sin, ó thaobh tástáil iarrthóirí d’fheachtais earcaíochta oscailte arna reáchtáil ag an Roinn seo i gcomhair post a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge de dhíth ina leith, déantar an tástáil sin de réir scrúduithe inniúlachta Gaeilge TEG.

Tá tacaíochtaí ar fáil trí mo Roinn do bhaill foirne a bhfuil riachtanais ar leith de dhíth orthu maidir le hoiliúint sa Ghaeilgeá tacaíocht tugtha ag mo Roinn do bhaill foirne atá ag dul i mbun cáilíochtaí tríú-leibhéal sa Ghaeilge; do bhaill foirne atá ag lorg oiliúint bhreise i ngramadach na Gaeilge; agus do bhaill foirne nach bhfuil taithí sa Ghaeilge acu agus ar mian leo freastal ar chúrsaí oiliúna Gaeilge do thosaitheoirí.

Reáchtálann mo Roinn an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Tá an scéim dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i sainréimse an aistriúcháin agus na profála. Tá seachtar intéirneach sannta faoin sciar intéirneachta reatha seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.