Written answers
Wednesday, 5 March 2025
Department of Education and Skills
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
80. To ask the Minister for Education and Skills cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aici agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9972/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an Roinn Oideachais lántiomanta do na hoibleagáidí reachtúla atá orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a chomhlíonadh agus tapaímid gach deis inár n-idirghníomhaíocht laethúil le custaiméirí chun na seirbhísí a sholáthraímid i nGaeilge a chur chun cinn agus a phoibliú ar na bealaí seo a leanas:
- eolas a thabhairt do chustaiméirí go díreach ar bhonn réamhghníomhach faoin rogha atá ann gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge, mar shampla trína chur in iúl ar an suíomh Gréasáin go bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil;
- na seirbhísí sin a liostú in áit fheiceálach ar ár suíomh Gréasáin, lena n-áirítear táb ‘Gaeilge’ a chur le ceanntásc gach leathanaigh Béarla atá ar ár suíomh Gréasáin;
- a chur in iúl ar threoirlínte roghnaithe, ar bhileoga faisnéise roghnaithe agus ar fhoirmeacha iarratais roghnaithe go bhfuil na doiciméid sin ar fáil i nGaeilge freisin, mura gcuirtear i láthair go dátheangach iad;
- suntasacht chothrom a thabhairt d’ábhair Ghaeilge agus d’ábhair Bhéarla nuair is féidir.
Maidir lena chinntiú go bhfuil ag an Roinn baill foirne atá ag obair i réimsí a dteastaíonn seirbhís trí Ghaeilge iontu, is trí publicjobs go príomha a earcaítear na baill foirne sin. D’áireofaí leo sin, mar shampla, cigirí ar an leibhéal bunscoile agus cigirí ar an leibhéal iar-bhunscoile atá ina speisialtóirí ábhair, chomh maith le baill foirne riaracháin a earcaítear chun obair i réimsí gnó de chuid na Roinne a meastar go bhfuil sé riachtanach seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge iontu, mar shampla an tAonad um Oideachas Gaeltachta.
Maidir le bearta chun an líon cainteoirí Gaeilge sa Roinn a chur chun cinn agus a mhéadú, cabhraíonn an tAonad Oiliúna agus Forbartha Foirne le baill foirne a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt trí rochtain a thabhairt dóibh ar oiliúint Ghaeilge a sholáthraítear trí chúrsaí oiliúna Gaeilge atá creidiúnaithe go cuí. Is deimhnithe ag Teastas Eorpach na Gaeilge (“TEG”) anois atá na cúrsaí a soláthraíonn Gaelchultúr iad thar ceann OneLearning. Ní chuireann an Roinn aon teorainn leis an líon rannpháirtithe sna cúrsaí sin agus cuirtear in iúl do na baill foirne uile go tráthrialta faoi na háiseanna/na deiseanna atá ar fáil chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú. Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) feabhas i gcónaí ar leibhéal inniúlachta a síceolaithe agus a mball foirne riaracháin trína chur ar a gcumas freastal ar chúrsaí Gaeilge atá dírithe go háirithe ar a baill foirne a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta i gceantair Ghaeltachta agus i nGaelscoileanna. Ina theannta sin, tacaíonn cláir Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (FGL) agus cláir ionduchtúcháin na Cigireachta le cigirí cothú agus forbairt a dhéanamh ar a n-inniúlacht sa Ghaeilge a úsáid le haghaidh obair chigireachta/chomhairleach agus tacaíonn na cláir sin leo feabhas a chur ar a n-eolas curaclaim i leith na Gaeilge. Áirítear leo sin cúrsaí tumoideachais i gceantar Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá tús curtha ag an Roinn le seirbhís cóitseála teanga a thairiscint chun cabhrú le baill foirne cur lena muinín as seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge.
No comments