Written answers
Wednesday, 5 March 2025
Department of Communications, Climate Action and Environment
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
6. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9964/25]
Darragh O'Brien (Dublin Fingal East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gurb é 820 líon foirne mo Roinne agus go bhfuil 63 ball foirne ann i mo Roinn a bhfuil páirt glactha acu i gcúrsaí Gaeilge ó bhunchúrsaí agus meánchúrsaí tríd go hardchúrsaí agus gairmchúrsaí.
Bhunaigh mo Roinn gréasán teanga RCAC le déanaí agus is lárphointe tábhachtach an ghréasáin seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tagann an gréasán le chéile go seachtainiúil chun an teanga a chleachtadh. Is gréasán faoi stiúir na foirne é le tacaíocht ón bhfoireann Forbartha Daoine in Acmhainní Daonna Straitéiseacha.
Ceiliúrann an Roinn Seachtain na Gaeilge gach bliain agus óstálfaidh an gréasán imeacht ‘Caifé agus Caint’ Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus beidh an Bord Bainistíochta agus foireann na Roinne i gcoitinne ag freastal air.
Chomh maith leis sin, tá mír againn inár nuachtlitir seachtainiúil chuig an bhfoireann ina leagtar amach focail Gaeilge na seachtaine, agus tá bunachar tiomnaithe eolais Gaeilge ar ár n-idirlíon againn chomh maith.
No comments