Written answers

Wednesday, 5 March 2025

Department of Enterprise, Trade and Employment

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

67. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9965/25]

Photo of Peter BurkePeter Burke (Longford-Westmeath, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá thart ar 1400 ball foirne ag mo Roinn agus tá a cuid oifigí agus gníomhaireachtaí curtha san áireamh. Cé nach féidir liom leibhéal na mball foirne atá inniúil sa Ghaeilge a dheimhniú go cruinn, tuigim go bhfuil roinnt ball foirne ann a thug faoi chúrsaí staidéar a bhí maoinithe ag an Roinn chun go mbeadh siad níos inniúil sa Ghaeilge le blianta beaga anuas agus faoi láthair.

Is cliant de chuid Ghaelchultúir, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar fud an domhain, í mo Roinn. Tá Gaelchultúr tiomanta d'úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus d'fhorbairt seirbhísí teanga feabhsaithe agus ag an am céanna cuireann siad roinnt cúrsaí oiliúna ar fáil atá deartha go sonrach do chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí. Oibríonn Aonad Forbartha Foghlama agus Gairme mo Roinne go dlúth le Gaelchultúr chun cur chun cinn tráthúil ar chúrsaí a chinntiú agus spreagann sé rannpháirtíocht i measc baill foirne go mór.

Déanann an tAonad Forbartha Foghlama agus Gairme éascaíocht chomh maith ar sheimineáir ghréasáin inmheánacha chun feasacht agus rannpháirtíocht a ardú in imeachtaí bliantúla ar nós "Seachtain na Gaeilge" agus cuireann sé gníomhaíochtaí seach-churaclaim ar nós tinreamh Gaeltachta chun cinn, de réir mar is cuí.

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do na bearta atá leagtha amach in Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 a chinntíonn gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge é sin a dhéanamh i scríbhinn, ar an teileafón nó go pearsanta.

Tá Tríú Scéim Gaeilge mo Roinne 2019-2022, a ullmhaíodh de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 fós i bhfeidhm go dtí go mbeidh na forálacha nua faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 curtha i bhfeidhm go hiomlán ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

Chun éascaíocht a dhéanamh do chustaiméir ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge de réir Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, geallann mo Roinn:

• Freagra i nGaeilge nuair a fhaightear cumarsáid i nGaeilge;

• Croícháipéisí áirithe Roinne a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.