Written answers

Tuesday, 4 March 2025

Department of Housing, Planning, and Local Government

Cumarsáid Aireachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

427. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén dáta faoina bhfuil sé i gceist aige tosach feidhme a thabhairt don Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, go háirithe Alt 6 chun an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a aisghairm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8982/25]

Photo of James BrowneJames Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Achtaíodh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (Acht 2024) ar an 17 Deireadh Fómhair 2024.

Tháinig Cuid 25 d’Acht 2024 i bhfeidhm tar éis an tAcht a achtú agus déantar soláthar leis an gCuid sin maidir le leasuithe ilghnéitheacha ar Achtanna um Thionóntachtaí Cónaithe. Cuireadh tús le feidhm ailt 1 go 5 d’Acht 2024 ar an 2 Nollaig 2024, i gcomhthráth le Cuid 26 (ina bhfuil forálacha ilghnéitheacha a bhaineann le Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún).

Maidir le tús a thabhairt d’fheidhm fhorálacha substainteacha Acht 2024, is tasc é lena ngabhann scála agus castacht de chineál suntasach. Tá Plean Forfheidhmiúcháin ina leagtar amach sceideal le haghaidh thosach feidhme céimnithe Acht 2024 ullmhaithe ag mo Roinnse agus déanfar an plean sin a fhoilsiú ar shainleathanach gréasáin go gairid.

Samhlaítear go dtosófar Acht 2024 de réir 4 phríomhchéim:

  • Céim 1 - An Coimisiún Pleanála a bhunú (Cuid 17), forálacha a bhaineann le hathbhreithnithe breithiúnacha a dhéanamh (Cuid 9, caibidil 1 agus 3) agus Ócáidí agus Aontaí Súgraidh (Cuid 16), chomh maith le forálacha gaolmhara;
  • Céim 2 - forálacha a bhaineann leis an gCreat Náisiúnta Pleanála, le Ráitis Pleanála Náisiúnta, le Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta, le Pleananna Forbartha agus le Pleananna Limistéir Tosaíochta agus Limistéar Comhordaithe (Cuid 3), agus maidir le hOifig an Rialálaí Pleanála (Cuid 18) chomh maith le forálacha gaolmhara;
  • Céim 3 - Toilithe Forbartha (Cuid 4), Coincheap Forbartha (lena n-áirítear Forbairt Dhíolmhaithe) (Cuid 2) chomh maith le Codanna/forálacha gaolmhara; agus
  • Céim 4 - aon Chodanna/fhorálacha eile.
Príomhghné den obair seo is ea a chinntiú go leanann an córas láithreach pleanála de bheith ag oibriú gan ach a laghad cur isteach agus is féidir agus, chuige sin, fanfaidh na forálacha láithreacha den Acht um Pleanáil agus Forbairt (“Acht 2002”) de bheith i bhfeidhm agus ní aisghearrfar iad faoi alt 6 d’Acht 2024 go dtí go bhfuil foráil chomhfhreagrach in Acht 2024 tugtha i bhfeidhm. Ina theannta sin, tá tuairim is 120 foráil idirthréimhseach ann in Acht 2024 chun cur i bhfeidhm an Achta sin a éascú, rud a chinnteoidh bailíocht na gcinntí arna ndéanamh faoi Acht 2000 agus a chaomhnóidh próisis a d’fhéadfadh a bheith ar siúl nuair a dhéantar foráil iomchuí de chuid Acht 2000 a aisghairm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.