Written answers

Tuesday, 4 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

416. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil comhlachtaí forordaithe don dualgas chun ainm agus seoladh Gaeilge an duine, síntí fada san áireamh, a úsáid agus a thaifead i gceart, de réir Alt 9A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar a leasaíodh i 2021; má tá, cén comhlachtaí atá an dualgas seo orthu; muna bhfuil, cén dáta faoina mbeidh feidhm ag an bhforáil seo ar chomhlachtaí. [9235/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é príomhaidhm Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn níos fairsinge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo. Sa mhéid sin, fógraíodh caibidil nua san aistear i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach in Éirinn nuair a tugadh feidhm, i gcomhréir leis an sprioc a leagadh síos ina leith faoin Acht, d’fhorálacha deiridh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar an 21 Nollaig 2024 – ailt 4 agus 5 ina measc. Rinne alt 4 leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht agus chuir alt 5 ailt nua isteach ann, eadhon Ailt 9A-9E.

Le tosach feidhme na bhforálacha seo, leagtar roinnt dualgais dhíreacha, agus láithreacha, ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh:

  • postálacha chuig comhlachtaí poiblí ar na meáin shóisialta anois a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad;
  • comhfhreagras a chuireann comhlachtaí poiblí amach ag an bpobal chun margaíocht a dhéanamh orthu féin nó a gcuid seirbhísí a dhéanamh i nGaeilge amháin nó go dátheangach;
  • ainmneacha comhlachtaí poiblí nua-bhunaithe a bheith i nGaeilge amháin agus lógónna nua nó uasdátaithe de chuid comhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge nó go dátheangach - nós atá cruthaithe cheana féin le leithéidí Coimisiún na Meán, Tailte Éireann agus athbhrandáil Uisce Éireann;
  • seirbhísí a chuireann tríú páirtithe ar fáil thar ceann na gcomhlachtaí poiblí.
Leis seo chomh maith, tugadh feidhm do na forálacha a bhaineann le cosaint a thabhairt d’úsáid agus taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge, lena n-áirítear an síneadh fada (Alt 9A - mar atá luaite i gceist an Teachta), mar aon le leagan amach foirmeacha oifigiúla i nGaeilge amháin nó go dátheangach (Alt 9B). Beidh céim sa bhreis i gceist le feidhmiú na bhforálacha sonracha seo, áfach, sula mbeidh siad le brath ag an bpobal, sa chaoi is go mbeidh comhlachtaí poiblí le forordú chuig na dualgais bhreise úd sin in am trátha. Táthar ag súil le tús a chur leis an bpróiseas seo sa chéad leath de 2025 in éindí le foilsiú an chéad sraith de na caighdeáin teanga.

Beidh treoirlínte á n-eisiúint ag an Roinn i ndáil leis na dualgais nua seo chomh maith sa tréimse ghairid amach romhainn a thacóidh le comhlachtaí poiblí lena gcur i bhfeidhm agus a chuirfidh trédhearcacht ar fáil don phobal faoin méid ar féidir leo a bheith ag súil leis sa spás seo sa tréimhse amach romhainn.

Cuireann teacht i bhfeidhm iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 tús le ré nua do sheirbhísí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Leagtar creat soiléir san Acht le cinntiú go mbeidh rogha teanga ag an bpobal agus go gcuirfear seirbhísí ar fáil go dátheangach agus ar ardchaighdeán. Tá comhlachtaí poiblí ag ullmhú go gníomhach don athrú seo agus leanfaidh an Roinn de bheith ag tacú leo chuige sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

417. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nár roghnaíodh dáta go fóill faoina mbeidh oifigigh státsheirbhíse ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht de réir an amchláir atá leagtha amach in Alt 18E d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021; agus an dtabharfaidh sé an dáta faoina roghnóidh sé dáta. [9236/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I ndáil le halt 18E d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de dhualgas orm dáta nó dátaí a shonrú faoina dtiocfaidh an Ghaeilge chun a bheith ina teanga oibre in oifigí poiblí sa Ghaeltacht agus faoina gcuirfear seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge – leis an spás tugtha faoin reachtaíocht dátaí éagsúla a leagann síos i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, agus comhlachtaí poiblí éagsúla, más gá.

Dar ndóigh, tuigfear gur beart suntasach agus leathan é seo, a bhfuil go leor le cur sa mheá faoi. Dá bhrí sin, tapaíodh an deis ó fhoilsiú an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin fiúntach sa bhreis leis na comhlachtaí poiblí ábhartha ina leith seo chun an leibhéal is airde ceannach isteach a fháil uathu.

Is fiú a aithint chomh maith nach beart iomlán neamhspleách atá anseo, atá le feidhmiú i bhfolús, ach go bhfuil sé mar chuid den éiceachóras foriomlán a bhfuil muid ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht. Chuige sin, beifear ag tacú lena chur i bhfeidhm tríd an obair a bheidh ar bun faoin bPlean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus forálacha eile an Achta chomh maith.

Bunaithe ar an méid sin go léir, sna míonna amach romhainn, beidh mé ag leagan síos dáta nó dátaí réalaíocha agus insroichte, a chothóidh muinín phobal na Gaeltachta in úsáid na hoifigí agus na seirbhísí poiblí úd sin trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin dar ndóigh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

418. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta faoina mbeidh Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm a dhéanfaidh seirbhísí a shainaithint agus straitéis a shonrú de réir Alt 18C d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021, agus atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair nach ndéanann na rudaí sin a bhí le déanamh de réir Alt 18C. [9237/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag croílár iarrachtaí mo Roinnse sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair faoi na hAchtanna criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo agus a chumasú do lucht labhartha na teanga ar fud na tíre í a úsáid ina bplé leis an Stát.

Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Mar a luadh roimhe seo, is toradh é an plean taighde-bhunaithe seo ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil a bunaíodh faoin Acht, lena n-áirítear mo Roinn féin mar Chathaoirleach, chomh maith leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Poistphoiblí, gan ach cuid acu a lua.

Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach chomh maith le haghaidh a thabhairt ar sprioc earcaíochta 20% an Achta.

Mar atá luaite ag an Teachta, táthar le tacú leis an bplean náisiúnta seo trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana - an chéad cheann ag clúdach na tréimhse 2025-2027. Leagfaidh na pleananna seo amach na bearta sonracha a bheidh le tógail chun cuspóirí an Choiste Chomhairligh agus an Achta go ginearálta a bhaint amach.

Tuigtear dom go bhfuil mo chuid oifigeach ag obair go dlúth leis an gCoiste Comhairleach agus páirtithe leasmhara eile chun bailchríoch a chur ar an chéad phlean gníomhaíochta seo gan mhoill. Tá beartaithe an plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú ansin sna míonna amach romhainn.

Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh ó achtaíodh an tAcht leasaithe 3 bliana ó shin, agus beidh dlús ag teacht leis an obair seo anois sa chéad leath de 2025 chun a chinntiú go dtosaíonn na píosaí seo go léir ag teacht le chéile idir an Plean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus na forálacha deiridh a tugadh feidhm dóibh ag deireadh na bliana seo caite. Is cinnte go bhfuil roinnt den dea-obair faoin Acht le brath ag an bpobal cheana féin, mar shampla rathúlacht na forála fógraíochta, agus déanfar tógail air sin anois ar bhealach suntasach sa tréimhse amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

419. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta faoina mbeidh na Caighdeáin Teanga foilsithe de réir Alt 19A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021; an bhfuil na Caighdeáin dréachtaithe go fóill mar a bhí geallta roimh achtú an Achta sin in 2021; agus an mbeidh feidhm fós ag Scéimeanna Teanga na gcomhlachtaí poiblí go dtí go mbeidh feidhm ag na Caighdeáin atá chun teacht i gcomharba orthu. [9238/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon dabht ach go mbeidh na Caighdeáin Teanga lárnach don todhchaí maidir le seirbhísí Stáit ar ardchaighdeán agus méadaithe trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Agus bailchríoch á cur orthu ag oifigigh mo Roinne faoi láthair, táthar ag cinntiú go bhfuil siad ag luí isteach leis an méid a bheidh ag eascairt ón bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair mar aon leis an bPlean Gníomhaíochta atáthar ag ullmhú faoi i láthair na huaire, agus go deimhin go mbeidh bearta na bpolasaithe úd sin ag tacú le cur i bhfeidhm na gcaighdeán teanga ar bhealach córasach chomh maith.

Agus an méid sin ag teacht chun críche anois, tá i gceist tús a chur leis na próisis comhairliúcháin éagsúla ina leith, mar a luaitear iad faoi Alt 19A.(6) den Acht leasaithe, go luath, eadhon:

  • dul i gcomhairle le hAirí eile de chuid an Rialtais, de réir mar is cuí;
  • comhairle a lorg ón gCoiste Comhairleach;
  • próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil thar thréimhse 3 mhí; agus
  • próiseas comhairliúcháin a reáchtáil leis na comhlachtaí poiblí ábhartha thar thréimhse 3 mhí.
Táthar ag súil le níos mó a fhógairt faoi seo sa tréimhse ghairid amach romhainn.

Leis sin, deimhnítear go bhfanfaidh scéimeanna teanga reatha i bhfeidhm go dtí go ndéanfar Caighdeáin Teanga a fhorordú ina n-áit do na comhlachtaí poiblí ábhartha sin agus nach mbeidh aon laghdú ar an leibhéal seirbhíse san idirthréimhse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.