Written answers
Tuesday, 25 February 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
482. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le ceann de na príomhspriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030, is é sin an líon cainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú, an dtabharfaidh sé soiléiriú ar an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn chun a chinntiú go bhfuil na gníomhaíochtaí atá luaite sa Ráiteas Deireadh Bliana, 2024 de chuid an Údaráis ag cuidiú leis an sprioc seo; cé na critéir teanga agus coinníollacha atá leagtha síos ag an Údarás ina leith agus cé na táscairí feidhmíochta a úsáidtear chun a chinntiú go n-éireoidh le gníomhaíochtaí éagsúla an Údaráis sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8026/25]
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
483. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht i gcomhthéacs an Ráitis Deireadh Bliana, 2024 ó Údarás na Gaeltachta, an dtabharfaidh sé soiléiriú ar an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á nascadh le forbairt na Gaeltachta; go bhfuil caiteachas an Údaráis sa Ghaeltacht ag réiteach leis an tionchar a bheidh aige ar an teanga agus chun an líon daoine a labhraíonn Gaeilge a mhéadú agus áit na Gaeilge mar theanga phobail a chinntiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8027/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom aird an Teachta a tharraingt ar Ráiteas Deireadh Bliana de chuid Údarás na Gaeltachta, ina bhfuil cur síos ar an dul chun cinn a deineadh chun an Ghaeilge a nascadh le forbairt na Gaeltachta le linn 2024.
Príomhfhigiúirí 2024
- 869 post nua cruthaithe sa Ghaeltacht in 2024
- Glanmhéadú de 217 post
- 9,743 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
- Ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcúig chontae Gaeltachta
- 211 post nua ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta
- 28 Plean Teanga, bailte seirbhíse san áireamh, le 36 post á gcur i bhfeidhm le buiséad €3.9m
- Gréasán gteic – 465 duine ag obair sna 29 mol digiteach sa ghréasáin digiteach
- GAIRM – Clár nua iarchéime ceannródaíoch tosaithe le deichniúr céimithe
- CUMASÚ – Clár nua do 150 banfhiontraí Gaeltachta le 41 rannpháirtí i 2024
- Scéim na bPrintíseach – 34 printíseach cláraithe i 2024
- AI na Gaeilge – tús curtha le tairiscint Eorpach chun AI na Gaeilge a fhorbairt ag leibhéal náisiúnta faoi dheireadh 2026
- Cúig suíomh do thithíocht inachmhainne aitheanta go dtí seo mar cuid de bheartas tithíochta an Údaráis – le tacaíocht agus cead pleanála in áit do ceithre theach i gCorca Dhuibhne
Tuigim chomh maith go bhfuil obair thaighde bunaithe ar fhoinsí éagsúla stáit á fhoilsiú ag Údarás na Gaeltachta sna míonna amach romhainn a thugann léargas ar an nascadh idir an Ghaeilge, an Ghealtacht agus obair Údarás na Gaeltachta agus mo Roinne. Tá dhá ról ceadaithe ag mo Roinn, ceann mar Eacnamaí agus ceann eile mar Anailísí Polasaí Teanga a bheidh á bhfógairt go luath chun tátal leanúnach a dhéanamh ar fhoinsí éagsúla stáit agus eile chun tionchar obair an Údaráis a mheas bunaithe ar tháscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá ráite liom ag an tÚdarás go mbeidh an obair sin mar bhunchloch do dhearadh straitéis nua Údarás na Gaeltachta a bheidh in áit ó 2025 go dtí 2030.
Cuireann an tÚdarás réimse tacaíochtaí ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta. Díríonn na dreasachtaí sin ar an mbunstruchtúr tacaíochta teanga a láidriú agus cur chuige níos straitéise a fiosriú, a phleanáil agus a fhorbairt le cuidiú le pobal na Gaeltachta agus sprioc ghrúpaí ar leith sa phobal sin.
Tríd infheistíochta ina fhochuideachtaí agus i gcomhlachtaí eile, ar nos Muintearas, Ealaín na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, tacaítear le seirbhísí luathbhlianta agus réimse an óige a fhorbairt agus choinneáil slán sa Ghaeltacht. Tacaítear le pobal na Gaeltachta a chumas Gaeilge a fheabhsú trí thacaíocht a chur ar fáil do na hionaid seirbhísí teanga, do ranganna Gaeilge agus ranganna trí Ghaeilge, agus iad a spreagadh le tabhairt faoi cháilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge agus cáilíochtúla eile.
Chun tacú leis an Údarás san obair atá ar siúl ag an eagraíocht le húsáid na Gaeilge a spreagadh i measc lucht gnó sa Ghaeltacht, beidh dhá chlár nua tacaíochta trí bliana a bhorbairt agus a soláthar in 2025, le maoiniú mo Roinne.
Díreoidh clár amháin, An Clár Tacaíochta Gaeilge do Ghnólachtaí, ar an nGaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta. Tá sé mar sprioc ag an gClár Tacaíochta gnólachtaí sna hearnálacha sin a mhealladh agus a chumasú le bheith réamhghníomhach i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge sa ghnó agus san idirghníomhaíocht idir na fostaithe, a gcustaiméirí agus iad féin. Tá béim faoi leith sa chlár seo ar a chinntiú go mbeidh seirbhís ar ardchaighdeán trí Ghaeilge á soláthar ag na gnólachtaí sna hearnálacha sin do phobal na Gaeltachta, do chuairteoirí agus do thurasóirí araon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair a ardú trí fhostaithe a chumasú chuige sin. Beidh an clár dírithe chomh maith ar fheiceálacht na Gaeilge a mhéadú i líon bailte aitheanta agus íomhá láidir Ghaelach a chothú agus a chur chun cinn. Tá clár tacaíochta 3 bliana de luach €1.926m ceadaithe ag mo Roinn don Údarás le tabhairt faoin obair seo agus tá próiseas earcaíochta ar siúl ag an eagraíocht faoi láthair chun acmhainní foirne a chur ina áit chuige.
Díríonn an dara clár tacaíochta – Scéim Forbartha Gaeilge na gCliantchomhlachtaí – ar chur chuige nua le tacú le cliaint an Údaráis, ina bhfuil líon ard postanna, chun úsáid na Gaeilge a chothú agus a spreagadh sa ghnó agus i measc na bhfostaithe. Beidh an clár seo dírithe ar chumasú teanga, ar thuiscint ar chultúr agus teanga na Gaeltachta a éascú agus níos mó ceangal a chothú idir na fostaithe atá ag obair sna cliaint agus na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil sna fearainn éagsúla sa phobal.
Déanfar é seo trí Plean Forbartha Gaeilge 3 bliana a fhorbairt agus a aontú le cliantchomhlachtaí le 30+ duine fostaithe iontu. Tá an scéim coinníollach ar fhostaí a bheith aitheanta ag an gcliant le feidhmiú mar Áisitheoir Teanga ar feadh roinnt uaireanta a chloig sa tseachtain le hoibriú i gcomhpháirtíocht leis an Údarás, na fostaithe sa ghnó agus le eagrais eile a dhéanann seirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh. Tá clár tacaíochta 3 bliana de luach €1,301m ceadaithe ag mo Roinn don Údarás le tabhairt faoin obair seo agus tá próiseas earcaíochta ar siúl ag an eagraíocht faoi láthair chun acmhainní foirne a chur ina áit chuige.
No comments