Written answers
Tuesday, 25 February 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Oideachas Tríú Leibhéal
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
462. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht i gcomhthéacs an tiomantais atá léirithe sa Chlár Rialtais i leith naisc a chothú agus a leathnú le hollscoileanna fud fad an domhain a dhéanann an Ghaeilge a mhúineadh, an bhfuil aon teagmháil déanta aige le Ollscoil Notre Dame faoin bhfógra go ndéanfar Roinn Teanga agus Litríocht na Gaeilge a dhúnadh ag deireadh na bliana acadúla seo chun cur i gcoinne an dúnta nó chun a chinntiú go leanfaidh teagasc agus taighde sa Ghaeilge ar ardchaighdeán san institiúid úd; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7296/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é tuiscint mo Roinne go bhfuil rún daingean ag Ollscoil Notre Dame leanúint de theagasc na Gaeilge agus go mbeadh an deis ag mic léinn agus baill foirne na hOllscoile tabhairt faoi thaighde agus faoi chúrsaí léinn i dteanga, litríocht agus cultúr na Gaeilge.
Lena chois sin, ní miste a lua go bhfuil mo Roinn ag tacú leis na hiarrachtaí sin trí bhíthin an chláir malartaithe oideachais oifigiúil Gaeilge idir Rialtas na hÉireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá atá á riaradh ag Coimisiún Fulbright. Faoin scéim sin, cuirtear deiseanna ar fáil do Theagascóirí Gaeilge (FLTAnna) an Ghaeilge a mhúineadh in ollscoileanna ar fud na Stát Aontaithe, rud a ardaíonn próifíl idirnáisiúnta na teanga go suntasach. Tá sé seo ag teacht le misean na Roinne úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, sa bhaile agus thar lear. Tá Teagascóir Gaeilge ag obair in Ollscoil Notre Dame faoin scéim seo faoi láthair agus le cúpla bliain anuas.
No comments