Written answers

Wednesday, 19 February 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

107. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil teoireann ann ar an méid gur féidir le duine tuilleadh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6457/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh teaghlaigh atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, tá an méid a íoctar leo bunaithe ar an líon scoláirí coinnithe ar íostas. Níl aon teorainn leis an líon cúrsaí gur féidir le teaghlaigh lóistín a chur ar fáil ina leith, ach tá srian ó thaobh líon na scoláirí. Ní cheadaítear d'aon teaghlach níos mó ná seisear déag scoláire a choinneáil ar íostas ag aon am amháin. Níl cead ag chuile teaghlach atá cláraithe faoin scéim an seisear déag a thógáil mar go bhfuil an líon seo ag braith ar an spás agus áiseanna atá ar fáil sa teach céanna.

Tá deontas aon-oíche €13 ar fáil ag teaghlaigh aitheanta ón Roinn do chuile scoláire i leith chuile oíche ina mbíonn siad ar íostas sa teaghlach agus faigheann an teaghlach deontas eile ó pé coláiste atá ag dáileadh scoláirí orthu anuas ar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.